Meall Tuismitheoirí Isteach!
13th January 2025

Is deis mhaith é Lá na Sábháilteachta Idirlín chun teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí agus iad a chur ar an eolas faoin ról tábhachtach atá acu chun cuidiú lena bpáistí fanacht sábháilte ar líne agus tairbhe a bhaint as an idirlíon. Déan cur i láthair do thuismitheoirí leis na cainteanna Webwise a bhfuil script leo; tarraing aird ar chomhairle agus eolas shuíomh idirlín Webwise.ie/Mol na dtuismitheoirí; nó déan ár leabhrán sábháilteachta pobail a roinnt le tuismitheoirí/caomhnóirí i bpobal na scoile.