Skip to main content

Forléargas


Le Oide Teicneolaíocht san Oideachas cuirtear comhtháthú TFC sa teagasc agus san fhoghlaim chun cinn i scoileanna ag an gcéad agus ag an dara leibhéal agus tacaíonn sé leo. Tá sé ina chuid den tseirbhís náisiúnta tacaíochta, an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí, a fheidhmíonn faoi choimirce na Roinne Oideachais agus Scileanna. Ba é an Lárionad Náisiúnta do Theicneolaíocht san Oideachas (NCTE) a bhí freagrach as feidhmeanna Oide Teicneolaíocht san Oideachas roimhe seo. Comhtháthaíodh an NCTE sa SFGM i mí an Mheithimh 2012.

Tagann dhá phríomhfheidhm Oide Teicneolaíocht san Oideachas faoi na réimsí seo a leanas:

  • Comhairle a sholáthar agus moltaí beartais a fhorbairt don Roinn Oideachais maidir le saincheisteanna i ndáil le forbairt agus úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha i gcóras oideachais na hÉireann
  • Comhairle agus tacaíocht ábhartha agus cothrom le dáta faoin Teicneolaíocht Dhigiteacha a sholáthar do scoileanna ar raon réimsí a bhaineann leis an teicneolaíocht chun cuidiú le bonneagar teicneolaíochta digití ardchaighdeáin a bhaint amach chun tacú leis an bhfoghlaim agus leis an teagasc.
  • Clár Leathanbhanda na Scoileanna do gach bunscoil agus iar-bhunscoil a chomhordú, agus an Deasc Seirbhíse Leathanbhanda a bhainistiú mar phointe teagmhála aonair do scoileanna chun tacú le seachadadh ábhair agus acmhainní foghlama ar líne
  • Clár cuimsitheach le aghaidh forbairt ghairmiúil leanúnach in úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile a dhearadh agus a chur chun feidhme
  • Tairseach an tsuímh gréasáin oideachais Scoilnet a fhorbairt agus a chothabháil, rud a chuirfear rochtain ar fáil ar bhreis is 23,000 acmhainn atá athbhreithnithe ag múinteoirí
  • Úsáid neamhspleách, éifeachtach agus níos sábháilte as an idirlíon ag daoine óga a chur chun cinn trí straitéis faisnéise agus feasachta mharthanach ó Webwise ina ndírítear ar thuismitheoirí, ar mhúinteoirí agus ar pháistí.
  • Acmhainní ábhair dhigitigh a fhorbairt agus rochtain ar uirlisí ábhair dhigitigh a bhaineann le curaclam na hÉireann a sholáthar
  • Faisnéis agus comhairle a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí oideachais eile maidir le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha chun críocha oideachais
  • Taighde a dhéanamh ar an dea-chleachtas in úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha san oideachas

Tá  na hoifigí lonnaithe  i gcampas Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i nGlas Naíon. 

Seoladh:Oide Teicneolaíocht san Oideachas, INVENT, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 9
Guthán:01 7008200
Facs:01 7008210
Ríomhphost:technologyineducation@oide.ie
Saorghlao Dheasc Seirbhíse Leathanbhanda na Scoileanna:1800 334466
Ríomhphost Dheasc Seirbhíse Leathanbhanda na Scoileanna:broadbandservicedesk@oide.ie

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.