Féach ar nó cláraigh lenár gcúrsaí foghlama gairmiúla féinluais do mhúinteoirí ar líne. Tá cúrsaí deimhnithe, le linn an téarma agus cúrsaí samhraidh ar fáil, saor in aisce. Déanann múinteoirí a bhíonn ag cleachtadh na ceirde agus Comhairleoirí PDST ábhar na gcúrsaí a fhorbairt dírithe go sonrach ar scoileanna na hÉireann.
Cúrsaí agus Cleachtas
Féach ar leabharlann na bhfíseán dea-chleachtais againn. Rinneadh iad a scannánú i seomraí ranga agus i scoileanna agus léirítear samplaí iontu den úsáid éifeachtach a bhaintear as teicneolaíochtaí digiteacha le tacú leis an bhfoghlaim. Tá siad thar a bheith oiriúnach le húsáid i gcruinniú foirne nó le haghaidh inspioráide agus ranganna á bpleanáil..
Ranganna teagaisc sna scileanna digiteacha arna gcruthú ag múinteoirí do mhúinteoirí. Leagann na ranganna teagaisc béim ar uirlisí agus feidhmchláir a úsáideann scoileanna, agus léirítear na scileanna atá uait chun na huirlisí a úsáid sa seomra ranga.
Tabharfaidh an Mol Foghlama Digití do cheannairí digiteacha cúnamh duit teacht ar acmhainní, tacaíochtaí agus faisnéis faoin gcaoi an fhoghlaim dhigiteach a threorú go héifeachtach i do scoil.
Cuireann Comhairleoirí Teicneolaíochtaí Digiteacha tacaíocht shaincheaptha ar fáil do bhunscoileanna agus d'iar-bhunscoileanna agus iad ag iarraidh leas a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha sa mhúineadh, san fhoghlaim agus sa mheasúnú. Cuireann comhairleoirí treoir ar scoileanna maidir le plean foghlama digití a fhorbairt chomh maith le forbairt ghairmiúil leanúnach a sholáthar nuair is cuí.
Cuireann Teicneolaíocht san Oideachas SFGM [an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí] cúrsaí agus ceardlanna aghaidh ar aghaidh ar fáil trí bhíthin líonraithe d’Ionaid Oideachais ar fud na tíre. Is iad múinteoirí a bhfuil a lán taithí acu sa réimse seo a chuireann na cúrsaí seo i láthair agus díríonn siad ar theicneolaíochtaí digiteacha a chur i bhfeidhm go daingean sa mhúineadh, san fhoghlaim agus sa mheasúnú.
Faigh blaiseadh de na seimineáir ghréasáin faoi fhoghlaim dhigiteach ar thaifead an fhoireann Teicneolaíochtaí Digiteach SFGM iad. I measc na n-ábhar faoi chaibidil tá conas plé leis an Creat Foghlama Digití, cuir chuige i leith foghlaim chumaisc agus go leor straitéisí eile i leith foghlaim dhigiteach.
Eolas ar chúrsaí códaithe atá ar fáil do mhúinteoirí, an chaoi ar féidir leat teacht ar acmhainní códaithe agus páirt a ghlacadh i dtionscnaimh um chódú, chomh maith le smaointe i dtaobh conas códú agus smaointeoireacht ríomhaireachtúil a chur i bhfeidhm go daingean i do chleachtadh.
Sraith de thacair chun triail a bhaint as foghlaim chumaisc ón gcéim phleanála go dtí an chéim chleachtais agus a chuireann comhairle ar fáil do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile.
Clárú Na Nuachtlitreach
Sign-up
To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.