Seimineár gréasáin atá dírithe ar phríomhoidí, leas-phríomhoidí, an fhoireann foghlama digití agus ceannairí foghlama digití. Tugtar léargas ar an eolas agus na straitéisí is éifeachtaí chun an tairbhe is fearr a bhaint as an Scéim Deontais le haghaidh Bonneagar TFC. Chomh maith leis sin, ardaítear feasacht faoi na tacaíochtaí atá ar fáil do scoileanna ar mhaithe le teicneolaíochtaí digiteacha a leabú isteach san fhoghlaim, sa teagasc agus sa mheasúnú.
Sa seimineár gréasáin seo, tabharfar blaiseadh de na tairbhí a bhaineann le páirt a ghlacadh sa scannánaíocht ar mhaithe le tacú le agus forbairt a dhéanamh ar theagasc agus ar fhoghlaim sa seomra ranga sa bhunscoil. Freisin, cuireann sé forbhreathnú ar fáil maidir leis an bpróiseas déanta scannán agus tugann sé breac-chuntas ar conas is féidir le do scoil a bheith páirteach i gcomórtas bliantúil Scannán FÍS.
Sa seisiún seo, scrúdaímid na hacmhainní ríthábhachtacha atá ar fáil do cheannairí foghlama digiteacha lena n-áirítear príomhdhoiciméid treorach. Cuirimid forbhreathnú cuimsitheach ar bhonneagar digiteach i scoileanna ar fáil, ag cuimsiú gnéithe mar nascacht leathanbhanda, creata ceannaigh, agus príomhghnéithe. Ina theannta sin, déanaimid dul i ngleic le tírdhreach na ndeontas a eisíodh do scoileanna le blianta beaga anuas agus cuirimid léargais ar fáil ar phleanáil éifeachtach dá leithdháileadh.
Le linn an tseisiúin seo, déanaimid scrúdú ar na hacmhainní ríthábhachtacha atá ar fáil do cheannairí foghlama digiteacha lena n-áirítear príomhdhoiciméid treorach. Cuirimid forbhreathnú cuimsitheach ar bhonneagar digiteach i scoileanna ar fáil, ag cuimsiú gnéithe mar nascacht leathanbhanda, creata ceannaigh, agus príomhghnéithe. Ar a bharr sin, treoraímid trí thírdhreach na ndeontas a eisíodh do scoileanna le blianta beaga anuas agus cuirimid léargais ar fáil ar phleanáil éifeachtach dá leithdháileadh.
Sa seimineár gréasáin seo, scrúdaítear acmhainní agus tacaíochtaí atá ar fáil do cheannairí foghlama digiteacha. Tugaimid léargas ar an bpróiseas pleanála sé chéim agus cuirimid achoimre ar fáil maidir leis na ceanglais pleanála nach mór do scoileanna a mheas i gcomhthéacs na foghlama digití. Tugtar na hacmhainní is gá
Imeacht bliantúil is ea an Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte chun úsáid shábháilte fhreagrach an idirlín agus teicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn. I mbliana beidh Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte ar siúl Dé Máirt, an 6 Feabhra. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin imeacht sin agus conas a bheith páirteach ann, oirfidh an seimineár gréasáin seo duit.
Déanfaimid an méid seo a leanas le linn an tseimineáir gréasáin:
Áit na sábháilteachta idirlín i ndoiciméid bheartais na Roinne agus i mbeartais na scoile a aimsiú
An réasúnaíocht atá taobh thiar de Lá an Idirlín níos Sábháilte agus an den fheachtas ar fud an domhain a scrúdú
Na hacmhainní atá ar fáil do scoileanna le haghaidh Lá Idirlín níos Sábháilte a iniúchadh
Imeacht bliantúil is ea an Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte chun úsáid shábháilte fhreagrach an idirlín agus teicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn. Sa seimineár gréasáin seo de chuid Teicneolaíochtaí Digiteacha Oide, déantar iniúchadh ar an réasúnaíocht atá taobh thiar de Lá an Idirlín Níos Sábháilte agus cuirtear na hacmhainní atá ar fáil do scoileanna i láthair do Lá an Idirlín níos Sábháilte.
Iniúchadh a dhéanamh ar bheartais riachtanacha scoile i réimse na dteicneolaíochtaí digiteacha. Tabharfar breac-chuntas freisin ar thionscnaimh atá le teacht.
Iniúchadh a dhéanamh ar na tacaíochtaí atá ar fáil don bhonneagar digiteach lena n-áirítear leathanbhanda agus creataí ceannaigh.
Sa seimineár gréasáin seo, scrúdaítear acmhainní agus tacaíochtaí atá ar fáil do cheannairí foghlama digiteacha. Tugaimid léargas ar an bpróiseas pleanála sé chéim agus cuirimid achoimre ar fáil maidir leis na ceanglais pleanála nach mór do scoileanna a mheas i gcomhthéacs na foghlama digití.
digiteach, teicneolaíochtaí, foghlaim, teicneolaíocht, ceannairí, iar-bhunscoil, leabú
Sa seimineár gréasáin seo, tabharfar blaiseadh de na tairbhí a bhaineann le páirt a ghlacadh sa scannánaíocht ar mhaithe le tacú le agus forbairt a dhéanamh ar theagasc agus ar fhoghlaim sa seomra ranga sa bhunscoil. Freisin, cuireann sé forbhreathnú ar fáil maidir leis an bpróiseas déanta scannán agus tugann sé breac-chuntas ar conas is féidir le do scoil a bheith páirteach i gcomórtas bliantúil Scannán FÍS.
Sa seimineár gréasáin seo, scrúdaítear ról na hIntleachta Saorga (IS) atá ag éirí níos forleithne inár saol laethúil agus a cumas san oideachas. Ó chórais oiriúnaitheach foghlama go córais chliste teagaisc, tá IS á húsáid chun eispéiris fhoghlama sainoiriúnaithe agus spéisiúla le haghaidh na ndaltaí. Sa seisiún seo, fiosraíonn Niall Larkin feidhmeanna praiticiúla IS san oideachas, ag cur béime ar a chumas cabhrú le múinteoirí am a shábháil agus cur le heispéiris foghlama na mac léinn. Déantar plé freisin ar bhreithnithe eiticiúla a bhaineann le IS, lena n-áirítear imní maidir le príobháideachas agus laofacht féideartha sna halgartaim. Ina theannta sin, fiosraíonn Niall tionscadal Erasmus Intleacht Shaorga do Mhúinteoirí (AI4T), atá ag fiosrú úsáid uirlisí IS chun tacú le foghlaim na mac léinn san oideachas mar cheann dá chuspóirí tionscadail.
Is ionann an Fhoghlaim Chumaisc agus “comhcheangal tuisceanach d'eispéiris foghlama duine le duine agus ar líne”. Sa seimineár gréasáin seo, díreoidh Stacey Ryan agus Ciarán Cronin ar mhúnla malairte foghlama i ndáil leis an bhfoghlaim chumaisc. Tá roinnt buntáistí ag baint leis an múnla seo, lena n-áirítear deiseanna chun an fhoghlaim dhigiteach a sholáthar, frustrachas na ndaltaí a íoslaghdú, aiseolas níos tapúla a cheadú agus comhoibriú daltaí a chur chun cinn.
Imeacht bliantúil is ea an Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte chun úsáid shábháilte fhreagrach an idirlín agus teicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn. Pléann comhairleoirí Teicneolaíochtaí Digiteacha SGFM Catherine Mangan, Eoin Stakelum agus Roisin Lineen an bunús leis an Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte agus cuireann siad na hacmhainní atá ar fáil do scoileanna don Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte i láthair.
Imeacht bliantúil is ea an Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte chun úsáid shábháilte fhreagrach an idirlín agus teicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn. Pléann comhairleoirí Teicneolaíochtaí Digiteacha SGFM Shelly Nerney agus Aidan Liston na hacmhainní atá ar fáil do mhúinteoirí agus daltaí chun sábháilteacht ar líne a chur chun cinn chomh maith leis na bealaí inar féidir le pobail scoile a bheith páirteach sa Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte.
Féachann comhairleoirí Teicneolaíochtaí Digiteacha SGFM, Claire O'Riordan, Leanne Lynch agus David Brennan, ar na tacaíochtaí teicneolaíochta digití atá ar fáil do phríomhoidí, do leas-phríomhoidí, d’fhoirne foghlama digití agus do shealbhóirí poist TFC
An chéad cheann i sraith de chúig sheimineár gréasáin arna soláthar ag comhairleoirí Theicneolaíochtaí Digiteacha SFGM. Cuireann Michael McNamara, John Meehan agus Róisín Lineen tús leis an aistear i dtreo plean don fhoghlaim dhigiteach.
Féachann na comhairleoirí Teicneolaíochtaí Digiteacha Ciara Reilly, Michelle Brady agus Niall Larkin ar roinnt saincheisteanna pleanála agus an plean don fhoghlaim dhigiteach á chruthú.
Féachann comhairleoirí Teicneolaíochtaí Digiteacha SFGM Sinéad O’Sullivan, Roy Mitchell agus Stephen Gallagher ar na príomhghnéithe agus ar na príomhtheachtaireachtaí ba chóir a chur san áireamh i bplean don fhoghlaim dhigiteach agus cé na daoine ar cheart an plean a roinnt leo.
Féachtar ar conas tacú le cur chun feidhme an phlean don fhoghlaim dhigiteach sa scoil agus an tábhacht a bhaineann le monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar an bplean. Arna chur i láthair ag comhairleoirí Theicneolaíochtaí SFGM, Aidan Liston, Michael Lynch, Denis Moynihan agus Siobhán O Sullivan.
Soláthraíonn comhairleoirí Theicneolaíochtaí SFGM John Meegan, Leanne Lynch, Niall Larkin agus Siobhan McAndrew forléargas ar an gCreat Foghlama Digití agus breathnaíonn siad ar gach ceann de na sé chéim a bhaineann le Plean don Foghlaim Dhigiteach a bheidh curtha i gcomhthéacs a chruthú.
Féachann comhairleoirí Theicneolaíochtaí Digiteacha SFGM Ciaran Cronin, Claire O'Riordan agus Leanne Lynch ar conas is féidir an teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun nuálaíocht a fheabhsú i seomraí ranga na bunscoile agus na hiar-bhunscoile. Ba é sin an seimineár gréasáin deiridh sa tsraith a thacaíonn le forbairt an phlean don fhoghlaim dhigiteach.
Tugtar forléargas ar an gCiste um Barr Feabhais (SEF) do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna chomh maith le sracfhéachaint ar an obair atá déanta go dtí seo agus na tacaíochtaí atá ar fáil ó SFGM- Teicneolaíocht san Oideachas. Arna chur i láthair ag Róisín Lineen, Ciaran Cronin, David Brennan agus Claire O’Riordan. (33 nóiméad)
Forléargas ar an gclár do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna ina bhféachtar ar an réasúnaíocht le haghaidh rannpháirtíochta agus ar chuid de na torthaí nuálacha a baineadh amach go dtí seo. Arna chur i láthair ag Michael Lynch, Eoin Stakelum agus Stephen Gallagher.
Déantar scrúdú sa tsraith acmhainní a chuireann comhairleoirí Theicneolaíochtaí Digiteacha SFGM ar fáil chun tacú le cur chuige foghlama cumaisc ag an mbunleibhéal - agus béim ar an seomra ranga iompaithe agus ar an tsamhail fhíorúil threisithe. Arna chur i láthair ag Claire O'Riordan, Siobhan McAndrew, David Brennan agus John Meegan.
Déantar scrúdú sa tsraith acmhainní a chuireann comhairleoirí Theicneolaíochtaí Digiteacha SFGM ar fáil chun tacú le cur chuige foghlama cumaisc ag leibhéal na hiar-bhunscoile a forbraíodh le linn dhúnadh éigeantach na scoileanna. Arna chur i láthair ag Siobhán O'Sullivan, Ciaran Cronin agus Aidan Liston.
Seimineár Gréasáin ar an bhFoghlaim Chumaisc - Iar-bhunscoileanna Cuid 2 Féachtar tuilleadh ar na saincheisteanna a ndearnadh iniúchadh orthu i gCuid 1 ach dírítear go sonrach ar shaincheisteanna cóipchirt. Arna chur i láthair ag Claire O'Riordan, Siobhan McAndrew, David Brennan agus John Meegan.
Féachtar tuilleadh ar na saincheisteanna a ndearnadh iniúchadh orthu i gCuid 1 ach dírítear go sonrach ar shaincheisteanna cóipchirt. Arna chur i láthair ag Claire O'Riordan, Siobhan McAndrew, David Brennan agus John Meegan.
Clárú Na Nuachtlitreach
Sign-upTo subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.