Skip to main content

Tá SFGM-Teicneolaíocht san Oideachas tiomanta do do phríobháideacht a chosaint.

Is féidir rochtain a fháil ar an gcuid is mó de réimsí an tsuímh gréasáin seo gan aon fhaisnéis phearsanta a thabhairt. Sna réimsí nó sna seirbhísí sin a bhfuil clárú ag teastáil ina leith, e.g. liostáil do nuachtlitir nó foirmeacha meastóireachta oiliúna, caithfidh SFGM- Teicneolaíocht san Oideachas leis na sonraí pearsanta go léir a chuireann tú ar fáil mar shonraí rúnda agus úsáidfidh sé iad chun na críche dá bhfuil siad beartaithe amháin. Ní nochtfar an fhaisnéis ach de réir mar atá ceadaithe leis an dlí nó chun na gcríoch atá liostaithe i gclárú SFGM-Teicneolaíocht san Oideachas leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí – TAG 13590/A.

Bailíonn SFGM-Teicneolaíocht san Oideachas sonraí ar chuairteoirí chuig an suíomh. Déantar an fhaisnéis a bhailítear ar bhonn comhiomlán chun críocha staidrimh amháin chun leibhéil tráchta chuig an suíomh a mheas. Ní bhailímid agus ní mheasaimid an fhaisnéis seo do dhaoine eile.

Tá naisc le suíomhanna eile ar ár suíomh gréasáin. Níl SFGM-Teicneolaíocht san Oideachas freagrach as cleachtais phríobháideachais ar bith laistigh de na suíomhanna eile seo. Molaimid duit a bheith ar an eolas faoi sin nuair a fhágfaidh tú ár suíomh agus na ráitis phríobháideachais a léamh ar shuíomhanna gréasáin eile a dtugann tú cuairt orthu agus a bhailíonn faisnéis phearsanta is féidir a aithint. Baineann an ráiteas príobháideachais seo le faisnéis a bhailítear ar ár suíomh gréasáin féin amháin.

Coimeádann SFGM-Teicneolaíocht san Oideachas an ceart dá rogha féin an ráiteas príobháideachais seo a leasú ag am ar bith, agus ba chóir duit an ráiteas príobháideachais seo a sheiceáil go rialta le haghaidh aon leasuithe.

Fianáin

Úsáideann an suíomh gréasáin seo teicneolaíocht “fianán”. Is ionann fianán agus píosa beag sonraí nó comhad beag téacs a stóráiltear ar an mbrabhsálaí ar do ríomhaire, ar iarratas ónár bhfreastalaí. Féadfaimid fianáin a úsáid chun ábhar a bhaineann go sonrach le do chuid suimeanna a sheachadadh agus chun do shainroghanna pearsanta a shábháil ionas nach mbeidh ort iad a chur isteach arís gach uair a bheidh tú ag ceangal lenár suíomh gréasáin – níl ár bhfianáin ar fáil do shuíomhanna gréasáin eile. Go sonrach cuirtear ar ár gcumas leis na fianáin:

trácht cuairteoirí chuig ár suíomh gréasáin agus a bpatrúin úsáide a thomhas
faisnéis faoi do shainroghanna a stóráil, agus mar sin is féidir linn ár suíomh gréasáin a shaincheapadh de réir do chuid suimeanna aonair chun do chuardaigh a bhrostú chun tú a aithint nuair a fhillfidh tú ar ár suíomh gréasáin.

Le formhór na mbrabhsálaithe gréasáin tugtar smacht éigin ar fhormhór na bhfianán trí shocruithe an bhrabhsálaí. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi fhianáin, lena n-áirítear lena fheiceáil cad iad na fianáin atá socraithe agus conas iad a bhainistiú agus a scriosadh, tabhair cuairt ar www.allaboutcookies.org.

Chun tarraingt amach as bheith á rianú ag Google Analytics thar gach suíomh gréasáin tabhair cuairt ar http://tools.google.com/dlpage/gaoptout.

Fianáin a Dhíchumasú:

Is fút féin atá sé i gcónaí fianáin den sórt sin a dhiúltú, má cheadaíonn do bhrabhsálaí é, nó a iarraidh ar do bhrabhsálaí a chur in iúl nuair atá fianán á sheoladh. Is féidir leat comhaid fianán a scriosadh ó do ríomhaire freisin faoi do rogha féin. Féach naisc leis na suíomhanna gréasáin seo a leanas, le do thoil, le haghaidh na ngnásanna atá le leanúint chun fianáin ar do ríomhaire a bhainistiú agus a scriosadh:

Conas fianáin a scriosadh in Microsoft Internet Explorer 8, 9 nó 10
Conas fianáin a scriosadh in Mozilla Firefox
Conas fianáin a scriosadh in Google Chrome
Conas fianáin a scriosadh in Opera

Cineálacha fianáin a úsáidimid agus cén fáth a n-úsáidimid iad:

FianánAinmCuspóirTuilleadh eolais
Google Analytics_utma
_utmb
_utmc
_utmz
Úsáidtear na fianáin seo chun faisnéis a bhailiú faoin dóigh a n-úsáideann cuairteoirí ár suíomh. Úsáidimid an t-eolas chun tuairiscí a thiomsú agus chun cuidiú linn an suíomh a fheabhsú. Bailítear faisnéis leis na fianáin i bhfoirm gan ainm, lena n-áirítear líon na gcuairteoirí chuig an suíomh, cá háit as ar tháinig cuairteoirí chuig an suíomh agus na leathanaigh ar thug siad cuairt orthuCliceáil anseo le haghaidh forléargas ar phríobháideachas ag Google
Fianán seisiúin foirme ar líneASP.NET_SessionIdCruthaítear an fianán seo nuair a nascann úsáideoir le feidhmchlár ASP.NET agus rachaidh sé in éag nuair a dhúnfaidh an t-úsáideoir an brabhsálaí. Tá an fianán seo riachtanach chun foirmeacha ar ár suíomh a úsáid chun ID seisiúin sheisiún reatha an úsáideora a stóráil.Tabhair cuairt ar shuíomh gréasán Microsoft
Fianáin Fotha TwitterExternal_referrer
k
original_referrer
_twitter_sess
Tá na fianáin seo trí iompórtálaí twitter a úsáidtear ar an teimpléad an leathanaigh baile. Faightear iad ar fad ó twitter.comTabhair cuairt ar shuíomh gréasáin API Twitter

Úsáid Google Analytics

Úsáideann an suíomh gréasáin seo Google Analytics, seirbhís anailíse gréasáin a sholáthraíonn Google, Inc. (“Google”). Úsáideann Google Analytics “fianáin”, ar comhaid téacs iad a chuirtear ar do ríomhaire, chun cuidiú leis an suíomh gréasáin anailís a dhéanamh ar an dóigh a n-úsáideann úsáideoirí an láithreán. Déanfar an fhaisnéis a chruthaítear leis an bhfianán faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin (lena n-áirítear do sheoladh IP) a tharchur chuig Google ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe agus a stóráil ar na freastalaithe sin. Bainfidh Google úsáid as an bhfaisnéis sin chun an úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin a mheas, chun tuairiscí a thiomsú ar ghníomhaíocht an tsuímh gréasáin d’oibreoirí an tsuímh gréasáin agus chun seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann le gníomhaíocht an tsuímh gréasáin agus úsáid an idirlín. Féadfaidh Google an fhaisnéis sin a aistriú chuig tríú páirtithe chomh maith i gcás go n-éilítear sin leis an dlí, nó i gcás go ndéanann tríú páirtithe den sórt sin an fhaisnéis a phróiseáil thar ceann Google. Ní dhéanfaidh Google do sheoladh IP a nascadh le haon sonraí eile atá coinnithe Google. Is féidir leat úsáid fianán a dhiúltú trí na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí, ach tabhair faoi deara, le do thoil, go mb’fhéidir nach mbeidh tú ábalta feidhmiúlacht iomlán an tsuímh gréasáin seo a úsáid má dhéanann tú é sin. Trí úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo, toilíonn tú go bpróiseálfaidh Google sonraí fút ar an mbealach agus chun na críocha atá leagtha amach thuas.

Ráiteas Príobháideachais do Mhic Léinn

Cliceáil anseo le do thoil chun teacht ar ár Ráiteas Príobháideachais do Mhic Léinn (agus dá dTuismitheoirí/Caomhnóirí)

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.