Físeáin Dea-Chleachtais
-
Foireann Foghlama Digití a Threorú ag Acadamh Paitríoch, Mala
Pléann baill foirne agus scoláirí in Acadamh Paitríoch, Mala, an chaoi ar bhunaigh agus an chaoi a ritheann siad a bhfoireann foghlama digití do scoláirí agus cur chuige scoile uile á ghlacadh acu i leith na foghlama digití ag an scoil. Pléann siad ról ghuth an scoláire, na ceannaireachta agus an chomhoibrithe maidir le tacú le foghlaim dhigiteach ar fud phobal na scoile.
-
Foireann Foghlama Digití a Bhunú ag Scoil Chaitríona Sinsear, An Rinn Mhór
Roinneann baill foirne ag Scoil Chaitríona Sinsear, An Rinn Mhór, a dtaithí maidir le foireann foghlama digití a bhunú agus a bhainistiú sa scoil. Díríonn siad ar chomhoibriú, piarthacaíocht agus an tionchar dearfach a bhíonn ag cur chuige scoile uile i leith na foghlama digití.
-
Códú agus Tionscadal BRICS ag Scoil Náisiúnta Bhaile na Lochlannach, Biorra
Taispeánann múinteoirí agus daltaí ag Scoil Náisiúnta Bhaile na Lochlannach conas a rinne siad fadhbanna sa phobal áitiúil a shainaithint agus a réiteach trí róbataic, trí chódú agus trí fhoghlaim phraiticiúil.
-
Teicneolaíocht Dhigiteach i gColáiste Ghobnait Inis Oírr
Déanann foireann Choláiste Ghobnait, Inis Oírr, cur síos ar an gcaoi ina leabaíonn siad teicneolaíocht dhigiteach agus intleacht shaorga ina dteagasc agus foghlaim. Is iar-bhunscoil bheag í ina múintear ranganna trí mheán na Gaeilge.
-
Punanna Digiteacha um Measúnú Foirmitheach ag Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan
Insíonn na múinteoirí i Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan faoin dóigh ar chuidigh sé leo nuair a ghlac siad páirt sa Tionscnamh le haghaidh Punanna Digiteacha um Measúnú Foirmitheach (FADP) le punanna digiteacha a úsáid chun feabhas a chur ar an measúnú foirmitheach agus chun tacú le foghlaim na scoláirí sa seomra ranga.
-
IS san Ealaín – Coláiste Chanel
Déantar iniúchadh san fhíseán seo ar an dóigh a n-úsáideann baill foirne agus scoláirí ealaíne ag Coláiste Chanel IS chun tacú leis an bpróiseas cruthaitheach san Ealaín.
-
Ag baint úsáid as IS giniúnach i gColáiste Chanel
Déantar iniúchadh san fhíseán seo ar an dóigh a n-úsáideann Coláiste Chanel uirlisí IS giniúnach chun feabhas a chur ar theagasc, chun tacú le foghlaim na scoláirí, agus chun úinéireacht na múinteoirí ar IS san oideachas a chur chun cinn.
-
IS sa Stair – Coláiste Chanel
Beocht a Chur sa Stair: Taispeánann múinteoir staire i gColáiste Chanel conas a úsáidtear uirlisí IS chun eispéiris foghlama thumtha, idirghníomhacha agus rannpháirtíocht foghlaimeoirí a chruthú.