Físeáin Dea-Chleachtais
-
Ceannairí Foghlama Gairmiúla: Bonneagar Teicneolaíochta Digití in Iar-Bhunscoileanna
San fhíseán seo ónár sraith Leading Digital Learning, déanann Deirdre Redmond, Oifigeach Tionscadail le SGFM Teicneolaíocht san Oideachas, Lorraine McCool, an Coláiste Doiminiceach, agus Paul Byrne, Scoil Chlasaiceach Phádraig, plé faoi bhonneagar digiteach a chur ar bun in iar-bhunscoileanna.
-
Na Daltaí Páirteach sa tSaoránacht Dhigiteach
Pléann Siobhán Lynch an cur chuige a bhíonn aici agus an tSaoránacht Dhigiteach á múineadh aici agus an tslí a spreagann sí na daltaí le bheith páirteach sa chaint agus san fhoghlaim faoin tSaoránacht Dhigiteach. Labhraíonn sí faoi ambasadóirí na ndaltaí ina rang a chuaigh faoi oiliúint le Webwise agus faoin tslí a mbíonn siad ag roinnt a gcuid eolais agus ag tacú lena scoil.
-
Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach: Bonneagar Digiteach sa Bhunscoil
De réir Deirdre Redmond, Oifigeach Tionscadail Bonneagair Dhigitigh le Teicneolaíocht san Oideachas PDST, is é an socrú bunúsach is coitianta ná ríomhaire, ríomhaire glúine nó táibléid an mhúinteora agus é nasctha le clár bán idirghníomhach nó le scáileán mór. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh socrú iontaofa leathanbhanda agus wifi.
-
Tionscadail ilmheán i dtaca leis an athrú aeráide a chruthú
Déanann Martin Moore, Scoil Sinsir Náisiúnta Thalbóid, cur síos ar an úsáid a bhaineann a rang féin as na hilmheáin chun tionscadail a chruthú bunaithe ar an aeráid agus ar an inbhuanaitheacht.
-
Sraith CFD: Ardáin Ar Líne, Iar-Bhunscoileanna
San fhíseán seo ónár sraith Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach, pléann múinteoirí agus saineolaithe iar-bhunscoile úsáid ardán ar líne i scoileanna.
-
Triail a bhaint as íomhánna a roinnt agus úsáid á baint as an gClár Lockers
Labhraíonn AJ Doyle faoi Chlár Lockers ina bpléitear na dlíthe a bhaineann leis an ngnéastéacsáil agus leis an roinnt neamhchomhthoiliúil. Míníonn sé conas mar a dhéanann sé topaicí éagsúla a chlúdach sa rang trí fhéachaint ar an bhfíseán Forever ar Webwise agus trí chás-staidéir a phlé i ngrúpaí.
-
Sraith CFD: Ardáin Ar Líne, Bunscoileanna
San fhíseán seo ónár sraith Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach, pléann múinteoirí agus saineolaithe iar-bhunscoile úsáid ardán ar líne i scoileanna
-
Sraith CFD: Ag Tacú leis an bhFoghlaim Ghairmiúil – Iar-Bhunscoil
San fhíseán seo ónár sraith Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach, pléann múinteoirí bunscoile agus saineolaithe cuir chuige éifeachtacha chun tacú leis an bhfoghlaim ghairmiúil do mhúinteoirí agus d’fhoireann uile na scoile.
-
Cabhrú le Daltaí Scileanna Smaointeoireachta Criticiúla a Fhorbairt
Pléann Elish Sheridan an tslí a ndearna sí an tSaoránacht Dhigiteach a shníomh isteach ina cuid ranganna agus an tslí a mbíodh na daltaí páirteach aici trí chainteanna ranga a spreagadh agus trí phasanna agus phróisis Saoránachta Digití a chruthú leis an teicneolaíocht a chosaint.