Skip to main content

Comhoibriú ar líne i rang Ceimice

Forbhreathnú ar Fhíseán

Cur síos ar chonas a d-úsáid múinteoir, Ciara Ní Dhrisceoil Zoom le scoláirí, go háirithe Polls, Breakout Rooms agus an Whiteboard chun comhoibriú a éascú le linn an tréimhse cian-foghlama. Select CC and English or Irish for subtitles.

Cur Síos

Déanann múinteoir cur síos ar na buntáistí ag úsáid Zoom ina cuid teagaisc. Luaitear eilimintí chun tacú le foghlaim na ndaltaí, lena n-áirítear an ghné ‘Polls’ agus le húsáid seomraí ar leithligh d’obair ghrúpa. Oibríonn daltaí i gcomhpháirt leis an ngné cláir báin chun a dtuiscint ar réimse ar leith a roinnt. San fhíseán seo a leanas, feicimid taithí na ndaltaí ar úsáid Zoom don chianfhoghlaim le linn na paindéime.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.

 An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.3 Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir cuir chuige teagaisc atá oiriúnach don chuspóir foghlama agus do riachtanais foghlama na ndaltaí

Tá múinteoirí eolach ar réimse teicneolaíochtaí digiteacha atá oiriúnach do chuspóirí foghlama agus do riachtanais foghlama a ndaltaí, agus úsáideann siad na teicneolaíochtaí digiteacha sin agus gníomhaíochtaí foghlama á ndearadh acu.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Online Resources, STEM, Subject Specific

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.