Skip to main content

Teicneolaíocht ag tacú le múineadh agus foghlaim le linn Covid-19

Forbhreathnú ar Fhíseán

Déanann príomhoide, Kevin Ó Raghallaigh cur síos ar an ról don theicneolaíocht le linn an tréimhse cinn-foghlama agus conas a chabhraíonn an teicneolaíocht le múineadh agus foghlam in san scoil i láthair na huaire chomh maith. Select CC and English or Irish for subtitles.

Cur Síos

Déanann Príomhoide cur síos ar an tslí a mbaineann daltaí tairbhe as úsáid na teicneolaíochta ina scoil. Úsáideann daltaí iPads agus aipeanna amhail Google Slides, Keynote agus Numbers chun an curaclam a leanúint sa scoil agus nó sa bhaile nuair is gá dóibh ar chúiseanna éagsúla e.g. le linn na paindéime. Úsáideann an scoil Zoom agus Google Meet chun bheith i dteagmháil le chéile don chianfhoghlaim.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.3 Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir cuir chuige teagaisc atá oiriúnach don chuspóir foghlama agus do riachtanais foghlama na ndaltaí

Tá múinteoirí eolach ar réimse teicneolaíochtaí digiteacha atá oiriúnach do chuspóirí foghlama agus do riachtanais foghlama a ndaltaí, agus úsáideann siad na teicneolaíochtaí digiteacha sin agus gníomhaíochtaí foghlama á ndearadh acu.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

 

, Iar-bhunscoileanna, Gaelcholaiste

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.