Físeáin Dea-Chleachtais
-
Ceannairí Foghlama Gairmiúla: 3. Foghlaim Dhigiteach a Leabú i mBunscoileanna
San fhíseán seo ónár sraith Leading Digital Learning, léiríonn Niall Larkin, Ceannaire Sinsearach le haghaidh na dTeicneolaíochtaí Digiteacha, príomhphointí faoi scoileanna atá cumasach maidir le húsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí digiteacha.
-
Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach: Foghlaim Dhigiteach a Phleanáil i mBunscoileannaCeannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach: Foghlaim Dhigiteach a Phleanáil i mBunscoileanna
San fhíseán seo ónár sraith Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach, labhraíonn Niall Larkin, Ceannaire Foirne do Theicneolaíochtaí Digiteacha, faoina thábhachtaí atá sé plean foghlama digiteach atá curtha i dtoll a chéile go córasach a bheith ann ar dtús ina ndírítear ar an bpróiseas foghlama seachas ar na gléasanna atá le húsáid sula gcuirtear tús le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid go héifeachtach.
-
Teicneolaíochtaí Digiteacha i Meánscoil na Trócaire Cnoc an tSeabhaic
Pléann an fhoireann i Meánscoil na Trócaire, Cnoc an tSeabhaic, an chaoi a bhfuil sé beartaithe acu foghlaim dhigiteach a dhéanamh sa scoil lena bhfoireann dhigiteach. Déanann siad cur síos freisin ar a gcur chuige maidir le hobair punainne digití le daltaí agus ar na buntáistí a bhaineann le punanna digiteacha do dhaltaí na hIdirbhliana go háirithe.
-
Teicneolaíochtaí Digiteacha i Scoil Náisiúnta Naomh Iósaf Baile an Bhrúnaigh
Pléann Séamus Barry, Leas-Phríomhoide ag Scoil Náisiúnta Bhaile an Bhrúnaigh, conas a úsáideann siad cur chuige céim ar chéim chun a bplean chun foghlaim dhigiteach a chur i bhfeidhm. Cloisimid freisin ón gCoiste Digiteach agus ón bhfoireann agus léiríonn na daltaí conas a úsáideann siad aipeanna ar nós ChatterPix agus Toontastic sa seomra ranga.
-
Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach: Foghlaim Dhigiteach a Phleanáil in Iar-Bhunscoileanna
San fhíseán seo ónár sraith Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach, labhraíonn Niall Larkin, Ceannaire Foirne do Theicneolaíochtaí Digiteacha, faoina thábhachtaí atá sé plean foghlama digití atá curtha i dtoll a chéile go córasach a bheith ann ar dtús ina ndírítear ar an bpróiseas foghlama seachas ar na gléasanna atá le húsáid sula gcuirtear tús le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid go héifeachtach.
-
Ag Cumasú Daltaí le Teicneolaíochtaí Digiteacha a Threorú
Déanann daltaí agus baill foirne i Meánscoil na Toirbhirte, Port Láirge cur síos ar an gcur chuige atá acu i leith na foghlama digití sa scoil agus ar an gcaoi a bhfuil idir dhaltaí agus bhaill foirne páirteach sa phleanáil. Cloisimid freisin ó chuid dá gCúntóirí Digiteacha.
-
Teicneolaíochtaí Digiteacha i Scoil Náisiúnta an Bhaile Duibh
Déanann Olivia Buckley, Príomhoide Gníomhach agus Comhordaitheoir Digiteach i Scoil Náisiúnta an Bhaile Duibh, cur síos ar an gcaoi a dtéann Coiste Foghlama Digití na scoile i ngleic le pleanáil foghlama digití agus conas a bhainistíonn siad aipeanna agus gléasanna trí leibhéil éagsúla sa scoil. Pléann sí freisin conas is féidir an teicneolaíocht a úsáid le haghaidh tacaíochta foghlama, daltaí le Béarla mar Theanga Bhreise agus réiteach fadhbanna.
-
Úsáid á baint as gléasanna cinn VR chun mic léinn a spreagadh le dul i ngleic le tionscadal sa cheantar áitiúil
Míníonn múinteoirí ag Scoil Náisiúnta Sinsear Naomh Marc an tslí ar thug siad gléasanna cinn isteach sa seomra ranga agus an úsáid a bhaineann siad astu le cabhrú le daltaí turas a thabhairt timpeall a gceantar áitiúil sa réaltacht fhíorúil.
-
Teicneolaíochtaí Digiteacha i Scoil Náisiúnta Mhoslamach Bhaile Átha Cliath Thuaidh
Pléann múinteoirí i Scoil Náisiúnta Mhoslamach Bhaile Átha Cliath Thuaidh conas a úsáideann siad teicneolaíochtaí digiteacha sa seomra ranga agus pléann siad a dtaithí leis an tionscadal REBEL.