Skip to main content

Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach: Foghlaim Dhigiteach a Phleanáil in Iar-Bhunscoileanna

Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach: Foghlaim Dhigiteach a Phleanáil in Iar-Bhunscoileanna

San fhíseán seo ónár sraith Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach, labhraíonn Niall Larkin, Ceannaire Foirne do Theicneolaíochtaí Digiteacha, faoina thábhachtaí atá sé plean foghlama digití atá curtha i dtoll a chéile go córasach a bheith ann ar dtús ina ndírítear ar an bpróiseas foghlama seachas ar na gléasanna atá le húsáid sula gcuirtear tús le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid go héifeachtach. Luann sé ciorclán 27/22 ina sonraítear nach mór do gach scoil plean digiteach a bheith acu. Ba chóir Pleananna Foghlama Digiteacha a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus iad a bheith cuimsitheach, agus múinteoirí agus daltaí ó gach réimse den scoil, lena n-áirítear riachtanais speisialta, san áireamh iontu.

Bailiú Sonraí

Tarraingíonn Niall aird ar an mbéim atá curtha sa Straitéis Dhigiteach do Scoileanna ar ghuth an dalta. Tá sé tábhachtach go mbeadh ionchur sa phróiseas beartaithe plean ní amháin ag múinteoirí ach ag daltaí chomh maith. Is féidir é seo a dhéanamh nuair atá na sonraí á mbailiú trí shuirbhéanna, grúpaí fócais, ceistneoirí, agus fiú samplaí oibre.

Cumarsáid agus Roinnt

A luaithe is a bhunaítear plean, deir sé go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh gach páirtí leasmhar curtha ar aon eolas maidir leis. Ba chóir go mbeadh pobal na scoile uile ar an eolas faoin bplean agus go mbeadh gach ball foirne feasach ar a bhfreagrachtaí laistigh den phlean. Mhaígh sé go mbeidh glacadh níos fearr don phlean, agus go mbeifí níos toilteanaí cleachtas a roinnt má bhíonn na múinteoirí uile páirteach. Is féidir leis an roinnt seo a bheith foirmiúil, cosúil le cruinnithe foirne, nó neamhfhoirmiúil, mar shampla ag sosanna tae.

Déanann Lorraine McCool, ón gColáiste Dhoiminiceach, cur síos ar an bpleanáil don fhoghlaim dhigiteach atá déanta ina scoil siúd ag Foireann Foghlama Digití atá ann ó 2017 i leith. Luann sí a thábhachtaí atá sé don scoil go mbeadh meascán de bhaill seanbhunaithe agus baill nua ar an bhfoireann.

Míníonn Paul Byrne ó Scoil Chlasaiceach Phádraig san Uaimh go gcuirtear an próiseas foghlama digití i bhfeidhm ina scoil trí úsáid a bhaint as an bpróiseas 6 chéim ón timthriall pleanála foghlama digití.

Cad é an Próiseas Pleanála Digití?

Tá ról ag na páirtithe leasmhara sa phróiseas pleanála don fhoghlaim dhigiteach i scoil Lorraine, agus tagann an Fhoireann Foghlama Digití le chéile ar bhonn rialta. Reáchtálann an fhoireann suirbhé ar dhaltaí, ar mhúinteoirí agus ar thuismitheoirí chun riachtanais foghlama digití na scoile a aithint agus ansin déanann siad an plean a dhearadh agus a chur in iúl sula gcuireann siad i bhfeidhm é.

Cuirtear tús leis an bpróiseas foghlama digití i Scoil Phádraig trí thús eolas a thabhairt faoin gcoincheap ag cruinniú foirne agus suirbhé a dhéanamh ar an bhfoireann chun riachtanais ghinearálta a aithint. Díríonn an Fhoireann Foghlama Digití, a bhfuil ar a laghad duine amháin den fhoireann bhainistíochta uirthi, ar réimse ar leith, cuireann siad a bplean in iúl agus cuireann i bhfeidhm ansin é trí úsáid a bhaint as an bpróiseas 6 chéim.

 

Cé hiad na daoine ar cheart dóibh a bheith ar an bhFoireann Foghlama Digití?

Luann Lorraine agus Paul araon a thábhachtaí atá sé go mbeadh duine sinsearach den fhoireann bhainistíochta páirteach. Tá sé ríthábhachtach béim a leagan ar a thábhachtaí atá foghlaim dhigiteach sa scoil.
Tá ról gníomhach, dar le Lorraine, ag baill na Foirne Foghlama Digití, idir sean agus nua, maidir leis an bplean digiteach a threorú agus a chur chun feidhme.

Bhí Paul den tuairim chéanna, sa mhéid is go bhfuil baill foirne le taithí na mblianta acu mar aon leo siúd ar bheagán taithí ar theicneolaíochtaí digiteacha, rud a fhágann go bhfuil peirspictíochtaí éagsúla ann.

Rinne Niall achoimre trí mholadh go dtabharfaí faoi chéimeanna beaga agus go leagfaí amach spriocanna réalaíocha le go gcothófaí muinín in úsáid teicneolaíochtaí digiteacha.

 

 

Cuid dár gcúrsa Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach an t-agallamh seo. Beidh an gcúrsa ar fáil go luath.

Tabhair cuairt ar ár Mol Foghlama Digití chun faisnéis agus acmhainní a fháil maidir le foghlaim dhigiteach a phleanáil agus a neadú.

, Iar-bhunscoileanna, Planning/Digital Learning Framework

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.