Skip to main content

Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach: Foghlaim Dhigiteach a Phleanáil i mBunscoileanna

Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach: Foghlaim Dhigiteach a Phleanáil i mBunscoileanna

San fhíseán seo ónár sraith Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach, labhraíonn Niall Larkin, Ceannaire Foirne do Theicneolaíochtaí Digiteacha, faoina thábhachtaí atá sé plean foghlama digiteach atá curtha i dtoll a chéile go córasach a bheith ann ar dtús ina ndírítear ar an bpróiseas foghlama seachas ar na gléasanna atá le húsáid sula gcuirtear tús le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid go héifeachtach. Luann sé ciorclán 27/22 ina sonraítear nach mór do gach scoil plean digiteach a bheith acu. Ba chóir Pleananna Foghlama Digití a nuashonrú go rialta agus ba cheart dóibh a bheith uilechuimsitheach, agus múinteoirí agus daltaí ó gach réimse den scoil, lena n-áirítear riachtanais speisialta, a bheith san áireamh.

Bailiú Sonraí

Tarraingíonn Niall aird ar an mbéim atá curtha sa Straitéis Dhigiteach do Scoileanna ar ghuth an dalta. Tá sé tábhachtach go mbeadh ionchur sa phróiseas beartaithe plean ní amháin ag múinteoirí ach ag daltaí chomh maith. Is féidir é seo a dhéanamh nuair atá na sonraí á mbailiú trí shuirbhéanna, grúpaí fócais, ceistneoirí, agus fiú samplaí oibre.

Tábhacht na Cumarsáide agus Roinnte Eolais

A luaithe is a bhunaítear plean, deir sé go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh gach páirtí leasmhar curtha ar an eolas maidir leis. Ba chóir go mbeadh pobal na scoile uile ar an eolas faoin bplean agus go mbeadh gach ball foirne feasach ar a bhfreagrachtaí laistigh den phlean. Mhaígh sé go mbeidh glacadh níos fearr don phlean agus go mbeifí níos toilteanaí cleachtas a roinnt má bhíonn na múinteoirí uile páirteach. Is féidir leis an roinnt seo a bheith foirmiúil, cosúil le cruinnithe foirne, nó neamhfhoirmiúil, mar shampla ag sosanna tae.

Na Céimeanna atá i gceist do Scoileanna

Labraíonn Sandra Byrne, Scoil Náisiúnta Shinsearach an Talbóidigh, faoin gcaoi a gcuireann siad tús leis trí shuirbhéanna a dhéanamh ar na múinteoirí agus na daltaí chun riachtanais na scoile a dheimhniú. Déanfar na torthaí a phlé ansin ag cruinniú foirne. Breathnóidh an coiste Foghlama Digití (ar a bhfuil múinteoir ó gach rang-ghrúpa agus an fhoireann tacaíochta) ar an gCreat Foghlama Digití agus déanfaidh siad an fearann a oireann do na riachtanais atá aitheanta acu a roinnt.

Cruinnithe

Déantar gníomhartha a chruthú ag na cruinnithe míosúla foghlama digití bunaithe ar an bhfearann agus na torthaí foghlama atá aitheanta. Beidh tasc ag gach duine agus roinntear go cothrom iad. Tugann baill foirne aiseolas dá rang-ghrúpa agus tugann siad leo moltaí chuig an gcruinniú. Leagann sí béim ar a thábhachtaí atá sé nach ar an gcomhordaitheoir a bheidh an obair ar fad agus deis a thabhairt do gach duine a dtuairimí a roinnt.

Dúshláin Lóistíochta

Cuireann Mark Boggins, Scoil Náisiúnta Ráth Cúil, síos ar an gcaoi a ndéileálann siad le scoil a bhfuil 3 urlár ann. Ní raibh sé réasúnta an obair ar fad a bhain le tralaithe, táibléid agus gléasanna Chromebook a bhogadh ó áit go háit sa scoil a fhágáil faoi dhuine amháin agus ba ghá mar sin foireann a cheapadh. Sa phróiseas pleanála, déanann an scoil tascanna a tharmligean ag tús gach téarma. Tá foireann foghlama digití ar gach urlár, agus grúpa WhatsApp do na baill foirne ar gach urlár. Má tá ceist theicniúil ag duine ar bith, cuirtear faoi bhráid an ghrúpa é. Maidir le soláthar, plé agus an chéad chéim eile, tá guth agus ról ag gach duine. D’fhéadfadh guth an bhaill foirne a chur in iúl trí shuirbhé a fhreagairt nó trí chomhrá neamhfhoirmiúil.

Rinne Niall achoimre trí mholadh go dtabharfaí faoi chéimeanna beaga agus go leagfaí amach spriocanna réalaíocha le go cothófaí muinín in úsáid teicneolaíochtaí digiteacha.

 

 

Cuid dár gcúrsa Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach an t-agallamh seo. Beidh an gcúrsa ar fáil go luath.

Tabhair cuairt ar ár Mol Foghlama Digití chun faisnéis agus acmhainní a fháil maidir le foghlaim dhigiteach a phleanáil agus a neadú.

 

, Bunscoileanna, Planning/Digital Learning Framework

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.