Skip to main content

Digital Technologies in Ballyduff National School

Achoimre ar an bhFíseán

Déanann Olivia Buckley, Príomhoide Gníomhach agus Comhordaitheoir Digiteach i Scoil Náisiúnta an Bhaile Duibh, cur síos ar an gcaoi a dtéann Coiste Foghlama Digití na scoile i ngleic le pleanáil foghlama digití agus conas a bhainistíonn siad aipeanna agus gléasanna trí leibhéil éagsúla sa scoil. Pléann sí freisin conas is féidir an teicneolaíocht a úsáid le haghaidh tacaíochta foghlama, daltaí le Béarla mar Theanga Bhreise agus réiteach fadhbanna.

Cur Síos

Míníonn an príomhoide an chaoi a n-úsáidtear an teicneolaíocht ina mbunscoil. Chuir tuismitheoirí agus páistí suirbhéanna i gcrích chun treoir a thabhairt maidir lena gcumas digiteach. Cheannaigh an scoil 20 táibléad agus BeetBotanna. Baineann múinteoirí úsáid as aipeanna ar nós: Hit the button, Nessy, hairy letters, hairy phonics, lightbot, beebot srl. I naíonáin úsáideann múinteoirí Beebot chun mata a mhúineadh; treo, dathanna, sórtáil. I ranganna sinsearacha cruthaíonn na páistí a gcód féin. Fuair an scoil comhairle ó Oide maidir le conas teicneolaíocht a bhainistiú agus deir sé le tosú go mall.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu

Féach ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a bhaineann leis an ábhar seo a aimsiú.

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (4. Cleachtas Comhoibríoch na Múinteoirí)

  • 1 Tá meas ag múinteoirí ar an bhforbairt ghairmiúil agus ar an gcomhoibriú gairmiúil agus glacann siad páirt inti
  • 4 Cuireann múinteoirí le cumas iomlán na foirne a fhorbairt trína gcuid saineolais a roinnt

Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

, Bunscoileanna, Coding, Computational Thinking, Online Resources, Planning/Digital Learning Framework, Primary Language Curriculum, STEM

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.