Códú agus Tionscadal BRICS ag Scoil Náisiúnta Bhaile na Lochlannach, Biorra
Achoimre ar an bhFíseán
Taispeánann múinteoirí agus daltaí ag Scoil Náisiúnta Bhaile na Lochlannach conas a rinne siad fadhbanna sa phobal áitiúil a shainaithint agus a réiteach trí róbataic, trí chódú agus trí fhoghlaim phraiticiúil.
Cur Síos
Cuireann siad síos ar a n-eispéireas de pháirt a ghlacadh i dTionscadal BRICS lena n-áirítear obair a dhéanamh i bhfoirne, tobsmaointeoireacht agus réitigh róbataice a chruthú trí Lego Spike a úsáid. San áireamh le tionscadail bhí uirlisí amhail Gearrthóir Eidhneáin, córas rampa inrochtana, agus Plandóir Plandaí, agus gach ceann acu deartha chun tabhairt faoi dhúshlán áitiúil ar leith.
Pléann siad conas a d’fhorbair na daltaí scileanna smaointeoireachta ríomhaireachtúla, fadhb-réitithe agus oibrithe foirne agus conas a rinne siad a bpróiseas dearaidh a dhoiciméadú agus Book Creator á úsáid agus an tionchar a bhí ag an tionscadal ar theagasc agus ar fhoghlaim sa scoil.
Cúrsaí a d’fhéadfadh bheith ina n-ábhair spéise duit
Códú agus Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil ag Baint Úsáid as Scratch
An Creat don Fhoghlaim Dhigiteach
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):
Teagasc & Foghlaim (1 Torthaí an Fhoghlaimeora)
1.1 Baineann na daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad spreagtha chun foghlama agus bíonn siad ag súil le gnóthú mar fhoghlaimeoirí
- Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha iomchuí chun rannpháirtíocht ghníomhach a chothú chun torthaí foghlama iomchuí a bhaint amach.
- Baineann daltaí leas as teicneolaíochtaí digiteacha chun fianaise a bhailiú agus taifead a dhéanamh den dul chun cinn a dhéanann siad.
1.2 Tá an t-eolas, na scileanna agus na dearcthaí atá riachtanach ag daltaí chun iad féin agus a gcaidrimh a thuiscint
- Tá dearcadh dearfach ag daltaí i leith úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha agus tá siad feasach ar rioscaí agus ar lochtanna a d’fhéadfadh a bheith ann.
- Tuigeann na daltaí na contúirtí agus na bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann i dtimpeallachtaí digiteacha.
Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)
2.1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
- Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun eolas a fháil, a mhalartú chun tuiscint a fhorbairt agus chun tacú le cruthú eolais bhunúsaigh.
Tabhair cuairt ar Phleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar réimsí eile CFD atá tacaithe san fhíseán seo, agus chun cuidiú leat pleanáil a dhéanamh don fhoghlaim dhigiteach i do rang.