Seimineár Gréasáin do Thuismitheoirí – Ó Mhífhaisnéis go hIonramháil
10th April 2025

Toisc go bhfuil an oiread sin faisnéise ar fáil ar líne, is féidir leis a bheith deacair faisnéis chruinn agus iontaofa a aithint. Mar gheall ar thionchar méadaithe na n-algartam agus IS, bíonn sé níos dúshlánaí fós fírinne agus muinín a aimsiú ar an idirlíon.
Chun na dúshláin seo a fhiosrú – lena n-áirítear ionramháil ar líne, rialáil, agus straitéisí chun plé leis an domhan digiteach – ghlac an t-iriseoir agus fiontraí Mark Little páirt i seimineár gréasáin Webwise do thuismitheoirí le déanaí.