Skip to main content

Course Details

Infhaighteacht

Am téarma, Oscailte Anois

Sector

Bunscoileanna, Iar-bhunscoileanna

Dátaí an Chúrsa

20-08-25 to 26-06-26

Am Staidéir

1 uair a chloig

Sprioclucht Féachana

Ceannairí scoileanna agus baill na foirne Foghlama Digití

Áiteanna

Gan teorainn

Leis an gcúrsa gairid seo cuirtear ábhar na cibearshlándála do scoileanna i láthair ó dhearcadh ceannaireachta scoile iomláine. Tugtar achoimre leis ar phríomhchoincheapa na cibearshlándála agus dírítear aird leis ar dhea-chleachtais do cheannairí scoile agus d’fhoirne foghlama digití maidir le timpeallacht foghlama digití atá slán sábháilte a choimeád.

Deartar é i gcomhar le foireann an Bhonneagair Teicneolaíochta Digití um Theicneolaíocht san Oideachas de chuid Oide.

Tábhachtach:

Is ionann ábhar an chúrsa seo agus ábhar an mhodúil ar Chibearshlándáil ónár gcúrsa samhraidh ar líne Foghlaim Dhigiteach a Threorú agus a Bhainistiú i do Scoil (Bunscoil).

Torthaí Foghlama

Faoi dheireadh an chúrsa seo, ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a chur i gcrích:

  • Cur síos a dhéanamh ar choincheapa cibearshlándála
  • Rioscaí agus bagairtí na cibearshlándála do scoileanna a shainaithint
  • Bearta a dhéanamh chun bonneagar digiteach atá slán a chruthú do do scoil
  • Rochtain a fháil ar acmhainní cibearshlándála do do scoil

Ábhar an Chúrsa

Cuimsítear an treoir is déanaí leis an gcúrsa seo maidir le cibearshlándáil lena n-áirítear físeáin le saineolaithe agus beochaintí físeáin ina mínítear príomhchoincheapa. Foghlaimeoidh tú buneolas na cibearshlándála, breithnithe ó dhearcadh na scoile iomláine agus bearta ar féidir leat iad a dhéanamh chun an timpeallacht foghlama digití i do scoil a dhéanamh níos sábháilte.

Tá dhá cheacht sa chúrsa:

Ceacht 1 – Cad is cibearshlándáil ann

Tugtar príomhchoincheapa cibearshlándála i láthair sa chúrsa seo lena n-áirítear cineálacha bagairtí cibearshlándála, bearta bunúsacha slándála, agus an tábhacht a bhaineann le timpeallacht digití shlán a choimeád.

Ceacht 2 – Cuir chuige scoile iomláine maidir le cibearshlándáil

Sa cheacht seo pléitear an tábhacht a bhaineann le cur chuige scoile iomláine maidir le cibearshlándáil, agus treoir á cur ar fáil maidir le beartais agus nósanna imeacht éifeachtacha cibearshlándála a chur i bhfeidhm laistigh de do scoil

Quiz an Chúrsa –Cuirtear deireadh le cuid ábhar an chúrsa le quiz cúrsa chun cuidiú leat do chuid foghlama a neartú.

Riachtanais

Gléas:  Ríomhaire glúine, pc deisce nó táibléad* a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safari suiteáilte air. Caithfidh ceangail láidir leathanbhanda idirlín a bheith agat.

*Oibreoidh an chuid is mó de ghléasanna táibléid go maith le bogearraí ár gcúrsa ach is féidir nach mbeidh roinnt gléasanna, atá níos sine, comhoiriúnach. Ná húsáid fón cliste chun an cúrsa seo a chur i gcrích le do thoil.

Bogearraí/Aipeanna: Cé go bhfuil an cúrsa seo saor in aisce, áirítear leis an ábhar samplaí de réimse leathan aipeanna agus teidil bogearraí a fheidhmíonn mar eiseamláirí, agus bíonn costas ar roinnt acu.

An Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tá an cúrsa seo mapáilte le gné Ceannaireachta agus Bainistíochta an Chreata Foghlama Digití, go háirithe Réimse 2: An Eagraíocht a Bhainistiú.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na Foghlama Digití

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.