
Tá Treoir nua maidir le hIntleacht Shaorga san Oideachas le haghaidh teagaisc agus foghlama eisithe ag an Roinn Oideachais agus Óige ar an 22ú Deireadh Fomhair 2025.
Is é cuspóir na treorach seo tacú le ceannairí scoile agus le múinteoirí chun tuiscint agus eolas a fhorbairt ar bhreithnithe ábhartha maidir le húsáid na hintleachta saorga sa teagasc agus san fhoghlaim agus i gceannaireacht scoile.
Intleacht Shaorga (IS)
“Is éard atá i gceist leis an Intleacht Shaorga (IS) ná forbairt na gcóras ríomhaireachta ar féidir leo tabhairt faoi thascanna a mbíonn intleacht dhaonna ag teastáil uathu de ghnáth. Baineann cruthú algartam léi – liosta rialacha nó céimeanna – a úsáideann an ríomhaire chun anailís a dhéanamh ar, tuiscint a fháil ar, agus freagairt d’fhaisnéis.
Fad is gur féidir le córais IS líon mór sonraí a phróiseáil agus anailís a dhéanamh orthu chun patrúin a aithint agus tuartha a dhéanamh, ní féidir leo smaoineamh agus an comhthéacs a thuiscint cosúil le daoine.“
(Webwise: IS agus Sabháilteacht Idirlíion)
Intleacht Shaorga Ghiniúnach (GenAI)
Is cineál réasúnta nua AI é GenAI. Is féidir leis ábhar nua a ghiniúint i bhfhoirm téacs, íomhánna agus físeáin. Samplaí d’uirlisí GenAI ná ChatGPT ó OpenAI, Microsoft CoPilot, Google Gemini agus Claude ó Anthropic.
Iniúchadh ar AI i do scoil – Cur Chuige 4P
Díreach mar atá le haon teicneolaíocht nua, tosaíonn cinneadh maidir le conas AI a úsáid le do spriocanna foriomlána mar scoil.
Sa Treoir maidir leis an IS i Scoileanna moltar Cur Chuige 4P.

Cuspóir: Cuspóir soiléir a bhunú AI a úsáid.
Pleanáil: Cinntiú go gcomhtháthaíonn úsáid AI le pleananna scoile atá ann cheana, cosúil le plean foghlama digiteach agus plean feabhsúcháin scoile.
Beartais: Polasaithe atá ann cheana a athbhreithniú chun a chintiú go ndéantar AI a chur i bhfeidhm go freagrach agus go héifeachtach.
Cleachtas: Ionchais a shocrú don úsáid phraiticiúil AI chun foghlaim a uasmhéadú agus a chinntiú go bhfuil sí ag cur le foghlaim, folláinte agus cosaint na ndaltaí, agus ról lárnach an mhúinteora a chothabháil.
Ceisteanna Treorach
Tá roinnt ceisteanna agus cúinsí tábhachtacha curtha le chéile againn thíos, atá ailínithe le SSE agus leis an bpróiseas pleanála DL.
Cén fáth AI?
- An bhfaca tú AI ag feabhsú foghlama i do scoil féin nó in áit eile?
- An bhfuil dúshláin ann a cheapann tú a d’fhéadfadh AI cabhrú leo a réiteach?
- Labhair le do chomhghleacaithe faoi na cúiseanna ar mhaith leat tosú ag iniúchadh AI.
Cad é fócas do Phlean Féinmheastóireachta Scoile (SSE) agus Foghlama Digiteach (DL)?
- An bhféadfadh AI tacú le do spriocanna Féinmheastóireachta Scoile (FMS)?
- An dtacaíonn úsáid AI le do spriocanna Pleanála Foghlama Digiteach?
- Aithin réimse amháin nó dhó ina bhféadfadh tionchar a bheith ag AI.
Ullmhacht foirne
- An bhfuil baill foirne cheana féin ag iniúchadh agus ag úsáid na hintleachta saorga sa seomra ranga?
- An bhfuil gá le feabhsú scileanna?
- Déan suirbhé ar riachtanais na foirne maidir le AI. Roinn an cúrsa ar líne Oide Technology in Education le comhghleacaithe.
Socraigh sprioc
- Agus SSE agus do Phlean DL i gcuimhne agat, cad é do sprioc?
- Sainmhínigh sprioc chuí, atá inláimhsithe agus indéanta araon, chun tús a chur leis.
Úsáid shábháilte agus eiticiúil
- An dtacaíonn do Bheartas Úsáide Inghlactha (AUP) le húsáid eiticiúil agus shábháilte na hintleachta saorga?
- Cad iad na huirlisí atá beartaithe agat a úsáid agus conas a dhéanfaidh tú measúnú orthu? Cad iad na srianta aoise ar na huirlisí (níl cead ag roinnt uirlisí AI do dhaoine faoi bhun 13 bliana d’aois)? Féach ar Intleacht Shaorga – 5 Bhreithniú
- Athbhreithnigh do AUP reatha agus nuashonraigh é ag baint úsáide as uirlis Gineadóir AUP Webwise.
Déan plean gníomhaíochta
- Cad iad na céimeanna a dhéanfaidh tú chun úsáid AI a iniúchadh?
- Cad iad na tacaíochtaí ar féidir le do scoil leas a bhaint astu?
- Úsáid teimpléad pleanála gníomhaíochta an DL chun do chéad chéimeanna eile a phleanáil. Bain leas as tacaíochtaí na hintleachta saorga a chuireann Oide Technology in Education ar fáil.
Monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhartha
- Cad atá ag obair go maith agus cad is gá a choigeartú?
- Fiafraigh an bhfuil AI ag tacú le spriocanna SSE do scoile.
- Déan monatóireacht leanúnach ar dhul chun cinn. Déan nuashonrú ar do phlean Foghlama Digiteach de réir mar is gá.
Tagairtí tábhachtacha agus úsáid na hintleachta saorga á breithniú.
Ethical Guidelines for AI Use in Education
Treoirlínte maidir le hÚsáid Fhreagrach a Bhaint as Intleacht Shaorga sa tSeirbhís Phoiblí