Comhroinn do phleananna do Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte 2026
11th December 2025
An bhfuil sé ar intinn agat Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte a cheiliúradh? Beidh na mílte duine in Éirinn ag glacadh páirt sa cheiliúradh Dé Mháirt, 10 Feabhra.
Cláraigh d’imeacht agus bí san áireamh i léarscáil idirghníomhach Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte, ina ndírítear aird ar na gníomhaíochtaí iontacha uile atá ar siúl ar fud na tíre. Seolfaidh Webwise bandaí muinchille amach freisin do gach duine a bheidh ag glacadh páirt ann.