Is doiciméad de chuid Rialtas na hÉireann é “Treoirlínte maidir le hÚsáid Fhreagrach na hintleachta Saorga sa tSeirbhís Phoiblí “ ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin. Sainítear sa doiciméad cad atá i gceist le IS agus leagtar amach seacht bprionsabal leis maidir le húsáid fhreagrach IS. Sa bhreis air sin, cuirtear creat um chinntí agus treoir ar fáil leis maidir le húsáid fhreagrach chun cuidiú le comhlachtaí na seirbhíse poiblí córais IS a dhearadh, a sholáthar, a úsáid agus a mhonatóiriú ar aon dul le dlí AE agus náisiúnta.
An fáth a bhfuil tábhacht leis.
Trí IS is féidir seirbhísí poiblí a dhéanamh níos éifeachtúla, níos freagrúla agus níos cuntasaí, ach aithnítear rioscaí freisin amhail claonadh, doiléire, sáruithe príobháideachta agus an duine a bhaint as seirbhísí. Leis na treoirlínte aistrítear cur chuige bunaithe ar riosca Acht an AE maidir le IS ina ionchais phraiticiúla do sheirbhís phoiblí na hÉireann, ionas go dtacaíonn IS le cearta agus le folláine daoine seachas an bonn a bhaint uathu.
Conas is féidir le ceannairí scoile iad a úsáid
Is féidir le ceannairí scoile i gcomhlachtaí oideachais atá maoinithe go poiblí na treoirlínte a úsáid mar thagarmharc i gcoinne rialachais. Is féidir leo seiceáil a dhéanamh le fáil amach má tá IS ina réiteach is fearr dáiríre trí bhreathnú ar na seacht bprionsabal maidir le húsáid fhreagrach IS:
- gníomhú daonna
- láidreacht theicniúil,
- príobháideacht agus rialú sonraí.
- trédhearcacht
- Éagsúlacht, neamh-idirdhealú agus cothroime,
- folláine na sochaí agus an chomhshaoil,
- Cuntasacht.

Is féidir le scoileanna breathnú ar an gcreat um chinntí agus ar an timthriall IS chun beartais a mhúnlú, measúnuithe riosca agus soláthar a dhéanamh agus obair IS ar leibhéal na scoile a chur ar aon dul le caighdeáin níos leithne na seirbhíse poiblí.
Conas is féidir le múinteoirí iad a úsáid
Is féidir le múinteoirí na prionsabail agus an treoir d’úsáideoirí deiridh a úsáid chun a mheas cé acu an bhfuil nó nach bhfuil uirlisí sábháilte, dleathach agus ar aon dul leis an oideachas. Éilítear maoirseacht dhaonna iontu freisin ar IS ar bith lena n-imrítear tionchar ar fhoghlaimeoirí agus go bhforbraíonn ceannairí a n-inniúlacht féin ar IS agus ar shonraí, lena n-áirítear an fios a bheith acu cathain torthaí fadhbacha IS a cheistiú, cathain neamhaird a thabhairt orthu nó cathain iad a thuairisciú.
Samplaí praiticiúla
I gCaibidil 3 agus i gCaibidil 9 cuirtear síos ar úsáidí IS amhail botaí comhrá maidir le ceisteanna, anailísiú doiciméad, réamhaisnéisiú, brath calaoise, aistriúchán agus giniúint ábhair, agus le míniú ar thairbhí agus ar rioscaí. Leis na samplaí sin féadtar cuidiú le scoileanna smaoineamh go criticiúil faoi uirlisí cosúla san oideachas, amhail uathscagadh ríomhphost nó uirlisí giniúnacha a úsáidtear i gcomhthéacsanna riaracháin agus tacaíochta foghlama.