Skip to main content

Tugtar Cumhacht do Dhaltaí Bunscoile Chun a Bheith ina Saoránaigh Dhigiteacha Sábháilte, Cliste agus Freagracha le Clár Nua Switched On

Tugtar Cumhacht do Dhaltaí Bunscoile Chun a Bheith ina Saoránaigh Dhigiteacha Sábháilte, Cliste agus Freagracha le Clár Nua Switched On

6th March 2026

Seolfaidh an Coimisinéir um Shábháilteacht ar líne Niamh Hodnett Switched On go hoifigiúil inniu, clár náisiúnta nua um shaoránacht dhigiteach do dhaltaí Rang a 5 agus Rang a 6

Arna fhorbairt ag Webwise, i gcomhar le Coimisiún na Meán agus le tacaíocht uathu, cruthaíodh an Clár Switched On chun tacaíocht a thabhairt d’oideoirí agus cuidiú leo agus iad ag múineadh do dhaltaí conas a bheith ina saoránaigh dhigiteacha sábháilte, freagracha agus inniúla, de réir mar a ullmhaíonn siad iad féin don oideachas iar-bhunscoile.

Beidh an seoladh ar siúl i Scoil Náisiúnta Naomh Seosamh sa Sruthán Aoibhinn, Baile Átha Cliath 17, áit a mbeidh na daltaí ar na chéad daltaí sa tír chun úsáid a bhaint as an acmhainn nua. Tar éis seoladh an lae inniu, beidh Switched On ar fáil saor in aisce do gach bunscoil ar fud na hÉireann.

Le linn an chláir, fiosróidh daltaí na deiseanna a bhaineann le teicneolaíocht dhigiteach agus forbróidh siad a scileanna smaointeoireachta criticiúla agus straitéisí praiticiúla chun fanacht sábháilte ar líne ag an am céanna. Chomh maith leis sin, cuideoidh an clár leo nósanna digiteacha sláintiúla a fhorbairt agus a gcuid cearta agus freagrachta sa timpeallacht dhigiteach a thuiscint. Spreagtar daltaí chun a bheith ina saoránaigh dhigiteacha ghníomhacha i réimse gníomhaíochtaí ar líne amhail ábhar a chruthú nó a fhoilsiú, líonrú sóisialta, foghlaim, taighde a dhéanamh agus cluichí a imirt.

Leis an acmhainn nua seo, tacaítear le scoileanna an t-eolas, na scileanna agus an mhuinín a thabhairt do dhaltaí chun a mbealach a dhéanamh tríd an domhan digiteach go sábháilte, go freagrach agus go grinn. Cuimsítear acmhainní le tabhairt abhaile i ngach modúl chun comhráití fiúntacha a spreagadh idir páistí agus tuismitheoirí/caomhnóirí faoin saol ar líne, rud a chuidíonn le cumarsáid agus tuiscint chomhroinnte a neartú.

Dúirt an Coimisinéir um Shábháilteacht ar líne Niamh Hodnett:

Tá fíoráthas ar Choimisiún na Meán tacaíocht a thabhairt do Webwise chun an clár oideachais Switched On a chur ar fáil do Rang a 5 agus Rang a 6. Leis an gclár tábhachtach seo, cuirtear páistí bunscoile ar an eolas faoi shábháilteacht ar líne, a lorg digiteach agus conas nósanna sláintiúla a fhorbairt ar líne. Spreagann sé plé faoina saol ar líne lena dtuismitheoirí agus caomhnóirí. Cuireann sé páistí ar an eolas faoina gcearta ar líne chomh maith.

Dúirt an tAire Oideachais agus Óige Hildegarde Nughton:

Tagann an clár nua um shaoránacht dhigiteach ag am ríthábhachtach, Is buntreoir thábhachtach, aoisoiriúnach é do choincheapa tábhachtacha amhail sábháilteacht ar líne, príobháideachas, folláine dhigiteach, loirg dhigiteacha, cearta ar líne agus litearthacht na meán. Trínár bhfoghlaimeoirí a chumhachtú leis na scileanna chun a bheith ina saoránaigh dhigiteacha freagracha, ní hamháin go bhfuilimid á gcosaint — ach táimid á n-ullmhú chun a bheith faoi bhláth.

Dúirt Jane McGarrigle, Comhordaitheoir Náisiúnta Webwise:

Sa lá atá inniu ann, is páiste é duine as gach triúr úsáideoirí idirlín ar fud an domhain. Tá páistí ag caitheamh níos mó ama ar líne agus ag fáil rochtana ar theicneolaíochtaí digiteacha ag aois níos óige ná riamh cheana. Téann Switched On i ngleic leis sin trí inniúlacht dhigiteach a chothú ó aois óg, ag cinntiú gur féidir le páistí tairbhe a bhaint as deiseanna an domhain ar líne agus na dúshláin a bhaineann leis an domhan sin a bhainistiú ag an am céanna.

Soláthraíonn Switched On acmhainn struchtúrach do mhúinteoirí le treoir a thabhairt do dhaltaí chun a bheith ina saoránaigh dhigiteacha muiníneacha, freagracha, agus cumhachtaithe, lena chinntiú go bhfuil siad breá ullamh do na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann leis an domhan digiteach. Tar éis seoladh an lae inniu, cuirtear fáilte roimh mhúinteoirí freastal ar sheimineár gréasáin saor in aisce ar an 24 Márta chun iniúchadh a dhéanamh ar an gclár nua. Cláraigh don seimineár gréasáin saor in aisce. [Nasc: https://oide-ie.zoom.us/webinar/register/WN_-x05jtn7StaiQtwG3kV_Mw ]

Tuilleadh >>

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.