Cuntas Scoilnet agus clárú samhraidh
12th March 2026
Tá sé beartaithe againn dhá chúrsa samhraidh ar líne do bhunscoileanna a chur ar fáil idir 1 – 16 Iúil i mbliana. Is iad siúd: Teicneolaíocht Dhigiteach don Fhoghlaim Ionchuimsitheach agus Foghlaim Dhigiteach a Threorú agus a Bhainistiú i do Scoil. Eiseofar sonraí sa chéad nuachtlitir eile dár gcuid (Aibreán). Bí cinnte go bhfaigheann tú do chuid sonraí rochtana ar do Chuntas Scoilnet, nó go ndéanann tú iad a nuashonrú, i bhfad roimh ré!