Teicneolaíocht Dhigiteach don Fhoghlaim Ionchuimsitheach, 1-16 Iúil
7th May 2026
Tá an cúrsa samhraidh seo do gach múinteoir bunscoile, lena n-áirítear múinteoirí príomhshrutha, iad siúd i scoileanna speisialta agus iad siúd a sholáthraíonn tacaíocht aonair do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu. Faigh blaiseadh den chúrsa leis an bhfíseán gearr atá san áireamh ag an nasc thíos. Forbraíodh an cúrsa le príomhionchuir ón NCSE. Ceadaithe do laethanta EPV. Cláraigh ó 10am, 7 Bealtaine.