An mbíonn Fadhbanna agat le Scagadh Ábhar?
4th June 2026
Tá fadhbanna fós ag roinnt scoileanna ina bhfuil rochtain ag an scoil ar shuíomhanna gréasáin ‘neamhoiriúnacha‘ áirithe ar cheart dóibh a bheith blocáilte. D‘fhéadfadh an fhadhb sin tarlú i gcás go bhfuil ‘socrú DNS‘ áitiúil mícheart i bhfeidhm ag scoil. Bíonn na socruithe DNS cearta i bhfeidhm ag formhór na scoileanna.
Chun eolas a fháil maidir le conas an fhadhb a réiteach, cliceáil ar an nasc thíos, agus roghnaigh an táb ‘An bhfuil Fadhbanna agat le Scagadh Ábhar?‘