Samplaí Praiticiúla d’úsáid IS in Iar-bhunscoileanna
Am léitheoireachta measta: 5 minutes
Tá na samplaí seo a leanas d’úsáid IS i scoileanna iar-bhunscoile bainte agus achoimrithe as Treoirlínte na Roinne Oideachais agus Óige maidir le IS i Scoileanna.
Tá siad grúpáilte faoi na ceannteidil seo a leanas:
- Ceannaireacht agus Bainistíocht
- Pleanáil agus Ullmhúchán Múinteoirí
- Teagasc agus Foghlaim

Pleanáil agus Ullmhúchán Múinteoirí
Mar shampla: Tá an rannóg Tíreolaíochta ag athbhreithniú a ngníomhaíochtaí litearthachta agus uimhearthachta. dChun tacú leis an bpróiseas sin úsáideann sia IS giniúnach chun smaointe a bhailiú maidir le conas na scileanna sin a ionchorprú ina scéimeanna oibre. Mar rannóg, pléann siad úsáideacht na smaointe sin agus comhaontaíonn siad gníomhaíochtaí.
Torthaí foghlaimeoirí a shoiléiriú agus a spíonadh amach
Mar shampla: Úsáideann múinteoir eolaíochta uirlis thráth na gceist ar líne le hanailísíocht ionsuite IS chun tuiscint (gan ainm) na scoláirí ar thopaic a thomhas. Gineann an uirlis léargas agus cairteacha go huathoibríoch, agus tugtar chun suntais cad iad na torthaí curaclaim a bhfuil máistreacht faighte orthu ag formhór na scoláirí, agus cad iad na cinn a bhfuil gá le tuilleadh teagaisc ina leith. Úsáideann an múinteoir an fhaisnéis sin agus faisnéis eile chun cuidiú le bearnaí a aithint agus pleanáil ceachtanna a choigeartú.
Ábhair fhoghlama scaflála chun freastal ar riachtanais éagsúla foghlaimeoirí
Mar shampla: Tá sé mar aidhm ag múinteoir teangacha iasachta nua-aimseartha cuidiú le scoláirí dialóga gairide a chumadh. Úsáideann an múinteoir IS giniúnach chun comhráite samplacha a sholáthar ar leibhéil éagsúla chastachta chomh maith le tosaitheoirí abairtí agus liostaí focal. Déanann an múinteoir athbhreithniú ar an ábhar a ghintear maidir le cruinneas agus oiriúnacht sula dtugtar do na scoláirí mar thacaíocht agus a ndialóga féin a bhforbairt acu.
Taiscéalaíocht Sonraí:
Mar shampla: Mar chuid den phróiseas aiseolais fhoirmithigh, úsáideann an múinteoir scóir rúibrice gan ainm atá ailínithe le hintinn foghlama agus critéir ratha shoiléire. Próiseálann na huirlisí IS giniúnach na sonraí chun achoimre ar na critéir a bhfuil máistreacht faighte ag formhór na scoláirí orthu (Aiseolas) agus na critéir a bhfuil gá le tuilleadh teagaisc ina leith (Aiseolas Ar Aghaidh) a ghiniúint. Úsáideann an múinteoir an léargas sin ansin chun bonn eolais a chur faoina bpleanáil.
Cúntóirí fíorúla
Mar shampla: Úsáideann múinteoir uirlis IS giniúnach chun cuidiú le teachtaireacht ríomhphoist chuig tuismitheoirí faoi thuras allamuigh atá le teacht a dhréachtú. Ansin úsáideann sé/sí uirlis aistriúcháin chun an ríomhphost a aistriú go teangacha dúchais na scoláirí uile. Cé go bhféadfadh sé nach mbeadh an t-aistriúchán foirfe, cuidíonn sé lena chinntiú go mbeidh rochtain ag gach tuismitheoir ar an bhfaisnéis thábhachtach.
Forbairt Ghairmiúil
Mar shampla: Rinne comhordaitheoir FGL acmhainní a choimeád do chruinniú foirne ar fholláine. Bunaithe ar na hacmhainní sin atá ar fáil go poiblí, úsáideann siad IS giniúnach chun cásanna i stíl cás-staidéir a ghiniúint le haghaidh plé. Déanann an comhordaitheoir athbhreithniú ar na cásanna maidir le hoiriúnacht, cruinneas agus ailíniú le príomhtheachtaireachtaí ó na hacmhainní sin, sula gcuirtear sa chruinniú foirne iad.
Teagasc agus Foghlaim
Cleachtais measúnaithe fhoirmithigh:
Mar shampla: I seisiún tobsmaointeoireachta, soláthraíonn na scoláirí smaointe aonair ar thopaic. Úsáidtear IS giniúnach chun na hionchuir sin a eagrú i gcatagóirí agus chun léarscáil intinne amhairc a ghiniúint. Úsáideann an múinteoir an léarscáil intinne ansin chun ceisteanna a chur, le haghaidh plé grúpa, agus chun ábhar nua a chur le heolas atá ann cheana.
Foghlaim phearsantaithe
Mar shampla: Úsáideann múinteoir uirlis IS giniúnach chun sleachta léitheoireachta ar an ábhar céanna ar leibhéil éagsúla chastachta a chruthú. I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an ábhar agus é a choigeartú de réir mar is gá, cuireann an múinteoir na hábhair sin ar fáil ionas gur féidir le gach scoláire plé leis an ábhar ar bhealach a oireann dá riachtanais foghlama.
Cuimsiú
Mar shampla: Úsáideann múinteoir IS giniúnach chun straitéisí chun tacú le scoláirí ar Chlár Foghlama Leibhéal a Dó (L2LP) a shainaithint, ag cinntiú gur féidir leo na torthaí foghlama beartaithe a bhaint amach. Molann IS giniúnach gníomhaíochtaí difreálacha agus tacaíochtaí praiticiúla ranga atá curtha in oiriúint don cheacht agus do spriocanna leathana an L2LP. Déanann an múinteoir athbhreithniú cúramach ar na haschuir sin, á gcur in oiriúint do riachtanais aonair an scoláire agus do chomhthéacs na scoile sula gcuirfear chun feidhme iad.
Ceannaireacht agus Bainistíocht na Scoile
Forbairt agus athbhreithniú beartais
Mar shampla: Tá príomhoide ag athbhreithniú foilseachán nua a bhaineann lena ról. Úsáideann sé/sí IS giniúnach chun comhráite fuaime a chruthú i bhformáid podchraolta, rud a éascaíonn forléargas níos inrochtana agus níos éifeachtaí ar an bhfoilseachán. Ullmhaíonn an cur chuige sin go héifeachtúil é/í chun plé leis an doiciméad iomlán go neamhspleách agus le tuiscint níos fearr.
Pleanáil Feabhsaithe Scoile/Pleanáil Ghníomhaíochta DEIS
Mar shampla: Úsáideann foireann cheannaireachta iar-bhunscoile IS chun foirm suirbhé a fhorbairt dá bpobal scoile chun aiseolas ó scoláirí agus ó thuismitheoirí ar ábhar na foghlama digití a bhailiú. Cuidíonn sé sin le treochtaí agus réimsí óna dteastaíonn feabhas a aithint. Úsáidtear an fhaisnéis a bhailítear chun bonn eolais a chur faoi athbhreithniú Phlean Foghlama Digití na scoile.
Cumarsáid
Mar shampla: Bailíonn príomhoide nuashonruithe ón bhfoireann maidir le gníomhaíochtaí agus imeachtaí scoile. Cuidíonn IS giniúnach leis an bhfaisnéis sin a shintéisiú i ndréacht-nuachtlitir chomhtháite tharraingteach. Athbhreithníonn agus leasaíonn an príomhoide an dréacht ina dhiaidh sin lena chinntiú go léiríonn an ton éiteas na scoile agus go dtugtar aird ann ar thosaíochtaí atá ábhartha don phobal áitiúil.