Cibearshlándáil do Scoileanna
3rd September 2026
Tá ár ngearrchúrsa ar líne níos tráthúla ná riamh ó cuireadh lenár roghchlár cúrsaí ar líne anuraidh é. Déantar plé anois ann ar ábhar na cibearshlándála do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna mar a bhaineann sé le ceannaireacht na scoile uile, trí choincheapa tábhachtacha cibearshlándála a leagan amach agus trí aird na gceannairí scoile agus fhoirne na foghlama digití a tharraingt ar dhea-chleachtais i ndáil leis.