Dlí Coco: Ceacht Nua ina chuid de Chlár Scoileanna an Gharda Síochána – Seisiún Eolais do Mhúinteoirí
3rd September 2026
Bí linn ar an 22 Meán Fómhair ag 7in le haghaidh seimineár gréasáin gearr ina dtugtar eolas faoi cheacht nua OSPS ar Dhlí Coco (An tAcht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara, 2020). Tá an ceacht seo ina chuid de Chlár Scoileanna an Gharda Síochána. Éist leis an Ard-Cheannfort Humphries agus le baill den Gharda Síochána agus iad ag caint faoi chomhroinnt íomhánna i gcomhthéacs an dlí, déan iniúchadh ar an gceacht nua, foghlaim faoin tionchar a bhíonn ag iompar dochrach digiteach, agus cuir ceisteanna.