Glac páirt sa tSraith Seimineáir Gréasáin ‘Tacaíochtaí do Cheannairí na Foghlama Digití’
3rd September 2026
An dtreoraíonn tusa Foghlaim Dhigiteach i do Scoil? Glac páirt inár sraith trí chuid de sheimineáir ghréasáin chun eolas a fháil ar na tacaíochtaí atá ar fáil, lena n-áirítear Pleanáil don Fhoghlaim Dhigiteach, Bonneagar Teicneolaíochta Digití agus treochtaí atá ag teacht chun cinn. Chun clárú don tsraith seo, cliceáil ar an nasc thíos agus cuardaigh ‘digiteach’.