Skip to main content

Dlí Coco: Ceacht Nua ina chuid de Chlár Scoileanna an Gharda Síochána – Seisiún Eolais do Mhúinteoirí

Dlí Coco: Ceacht Nua ina chuid de Chlár Scoileanna an Gharda Síochána – Seisiún Eolais do Mhúinteoirí

7th September 2026

Bí linn le haghaidh seimineár gréasáin gearr ina dtugtar eolas faoi cheacht nua OSPS ar Dhlí Coco (An tAcht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara, 2020). Is cuid de Chlár Scoileanna an Gharda Síochána an ceacht seo.

San acmhainn nua seo cíortar príomhghnéithe an dlí sin ar chaoi a dtarraingíonn aird daltaí ar na hiarmhairtí dlí a bhaineann le hiompar digiteach dochrach. Ar an gcaoi seo, cinntítear go dtuigeann siad a thromchúisí agus atá gníomhartha dá leithéid.

Sa seimineár gréasáin seo, is mór againn go dtabharfaidh an tArd-Cheannfort Humphries aitheasc agus cloisfidh rannpháirtithe comhaltaí den Gharda Síochána ag caint faoin gcomhthéacs dlíthiúil maidir le híomhánna a roinnt. Tabharfar éachtaint ar an gceacht nua freisin agus beidh deis ann chun ceisteanna a chur.

Cén uair: Dé Máirt, an 22 Meán Fómhair, 7.00pm-7.45pm

Faigh tuilleadh amach ag: https://www.webwise.ie/news/cocos-law-new-garda-schools-programme-lesson-information-session-for-teachers/

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.