Scagadh Ábhair do Scoileanna
8th March 2022

Is gné riachtanach agus chomhtháite é scagadh ábhair den tseirbhís leathanbhanda a chuireann Clár Leathanbhanda na Scoileanna ar fáil do scoileanna. Is é is cuspóir le scagadh Ábhair a chinntiú (a mhéid is féidir) nach bhfuil rochtain ar shuíomhanna gréasáin míchuí ná ar ábhar míchuí laistigh de scoileanna.
Laistigh den tseirbhís scagtha ábhair a chuirtear ar fáil, tugtar rogha sé leibhéal dhifriúla de scagadh ábhair do scoileanna ionas gur féidir leo an leibhéal is fearr a oireann dá gcás féin a roghnú.