Infhaighteacht
Ag Teacht go Luath, An samhradh
Infhaighteacht
Ag Teacht go Luath, An samhradh
Sector
Bunscoileanna
Dátaí an Chúrsa
01-07-24 go 18-07-24
Am Staidéir
20 uair an chloig
Sprioclucht Féachana
Gach múinteoir
Áiteanna
Teoranta
(Cuirtear an cúrsa seo ar fáil trí Bhéarla amháin.)
Baineann an cúrsa samhraidh seo le húsáid na teicneolaíochta digití chun múineadh faoi ghníomhú ar son na haeráide agus inbhuanaitheacht i do sheomra ranga. Ag baint úsáide as acmhainní d’ardchaighdeán ó mhol Scoilnet le haghaidh OFI (Oideachas le haghaidh Forbartha Inbhuanaithe), cuirfidh sé spreagadh agus smaointe ar fáil chun na topaicí seo a fhíorú.
Foghlaimeoidh tú conas acmhainn ilmheán aeráid-bhunaithe a chruthú agus beidh deis agat freisin acmhainní aeráid-bhunaithe a thaiscéal agus a mheasúnú le haghaidh do ranga. Gheobhaidh tú acmhainní agus smaointí ó mhúinteoirí eile agus cruthaigh tú plean gníomhaíochta ag cur síos ar cad a dhéanfaidh tú chun an ábhair tábhachtach seo a mhúiniú i do rang.
Faoi dheireadh an chúrsa seo, ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a chur i gcrích:
Tá cúig mhodúl sa chúrsa seo.
Riachtanais an rannpháirtí: Ní mór don rannpháirtí ardchaighdeán rannpháirtíochta bríche a bheith acu ar an gcúrsa seo chun é a chur i gcrích i gceart. Áirítear leis seo páirt a ghlacadh i réimse comhráite ar líne, cumarsáid a dhéanamh le chomh-rannpháirtithe agus an teagascóir chomh maith le roinnt tascanna a chur i gcrích (m.sh., imlíne ceachta, loga machnamhach foghlama agus Taifead Foghlama). Cuimseofar riachtanais sannaithe eile le linn an chúrsa.
Tabhair ar d’aire freisin riachtanais na Roinne Oideachais, a deir gur sa chás gur chláraigh rannpháirtí le haghaidh níos mó ná cúrsa amháin (le soláthraí cúrsa ar bith), ní féidir na cúrsaí a chur i gcrích ach go comhleanúnach seachas i gcomhthráth.
Gléas: Ríomhaire glúine, pc deisce nó táibléad* a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safari suiteáilte air. D’fhéadfadh go mbeadh micreafón ionsuite nó seachtrach, nó fón cliste, riachtanach chun fuaim a thaifeadadh do mheasúnacht aonarach (agus sin amháin). Caithfidh ceangail láidir leathanbhanda idirlín a bheith agat.
*Oibreoidh an chuid is mó de ghléasanna táibléid go maith le bogearraí ár gcúrsa ach is féidir nach mbeidh roinnt gléasanna, atá níos sine, comhoiriúnach. Ná húsáid fón cliste chun an cúrsa seo a chur i gcrích le do thoil.
Bogearraí/Aipeanna: Cé go bhfuil an cúrsa seo saor in aisce, áirítear leis an ábhar samplaí de réimse leathan aipeanna agus teidil bogearraí a fheidhmíonn mar eiseamláirí, agus bíonn costas ar roinnt acu. Chomh maith leis seo, ní mór do gach rannpháirtí cúrsa cuntas a chruthú le ceann de rogha aipeanna (saor in aisce nó le costas) ar son cruthú agus comhroinnt acmhainní.
Iarrfar ar rannpháirtithe a chláraíonn don chúrsa seo páirt a ghlacadh i suirbhé (tionchair) leantach agus i gcúrsa gairid le haghaidh machnaimh agus comhroinnte an scoilbhliain dár gcionn, ar “Úsáid Teicneolaíochtaí Digiteacha sa Seomra Ranga Bunscoile”. Cuirfidh seo rannpháirtithe ar a gcumais machnamh a dhéanamh ar a gcuid cleachtais, agus a n-eispéiris maidir le cur i bhfeidhm na rudaí a bheidh foghlamtha acu ina seomraí ranga féin a roinnt le múinteoirí eile a mbeidh an cúrsa samhraidh curtha i gcrích acu.
Níl ach 45 nóiméad ag teastáil uait don dá mhír seo.
Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo. Faofa le haghaidh laethanta EPV.
“Ba mheascán sármhaith an cúrsa de dhá ábhar ina bhfuil go leor spéise agam: na meáin dhigiteacha agus an t-athrú aeráide!”
“Go leor ábhar agus acmhainní a bhí furasta le leanúint atá thar a bheith ábhartha don seomra ranga. Go leor Aipeanna nua”
“Bhí na fóraim dhíospóireachta cairdiúil agus ionchuimsitheach…”
“Tá na físeáin maidir le dea-chleachtas go hiontach – go leor idéanna mar ábhar smaoinimh.”
“Neartaíodh mo chuid eolais phearsanta ar an Athrú Aeráide agus anois mothaím go bhfuil mé ullmhaithe mo ranganna a theagasc faoi gach cuid den ábhar.”
Caithfidh gach rannpháirtí glacadh lenár dtéarmaí seirbhíse agus rochtain á fháil ar ár n-ardán foghlama do chúrsaí ar líne den chéad uair, a chlúdaíonn gealltanais agus dualgais ríthábhachtacha an rannpháirtí chomh maith líne cód iompair an rannpháirtí i ndáil le rannpháirtíocht sa chúrsa.
Trí chlárú don chúrsa seo, glacann tú leis na nithe seo a leanas freisin:
Beidh an clárú ar oscailt ó 10rn, 1 Bealtaine.
Teastaíonn cuntas Scoilnet ó rannpháirtithe fhéinchlárú a dhéanamh, mar sin, seiceáil roimh ré go bhfuil rochtain agat ar do chuntas Scoilnet.
An bhfuil sonraí do chuntais Scoilnet ligthe i ndearmad agat?
Níl cuntas ar bith agat? Cláraigh ar leathanach Cláraithe Chuntas Scoilnet.
Clárú Na Nuachtlitreach
Sign-upTo subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.