Chuir Oide Teicneolaíocht san Oideachas príomh-acmhainní breise agus ábhair léitheoireachta le chéile faoin ábhar IS sa scoileanna.
Tá na hacmhainní seo le feiceáil ar ár gcúrsa ar líne, IS do Scoileanna, cúrsa gearr ar líne atá oscailte faoi láthair le haghaidh clárúcháin.

Clár Litearthacht IS sa Seomra Ranga
Tá sé mar aidhm ag an gclár nua seo, arna fhorbairt ag ár gcomhghleacaithe san Ionad Adapt agus le tacaíocht ó Google, múinteoirí meánscoile a chabhrú a dtuiscint ar an intleacht shaorga a fheabhsú. Cuireann sé uirlisí agus acmhainní praiticiúla ar fáil chun coincheapa IS a mhúineadh agus chun IS a úsáid go criticiúil agus go freagrach.
Faigh rochtain ar Clár litearthacht sa Seomra ranga (fuinneog nua).
Dream Space TV
Is sraith í brAIn_waves de chuid Microsoft Dream Space TV AI atá saor in aisce, le sraith do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.
Déanann Dream Space TV: brAIn_waves do bhunscoileanna iniúchadh ar smaointeoireacht ríomhaireachta, ar algartaim, sonraí agus ar conas a oibríonn AI ar leibhéal bunúsach agus cuimsíonn sé ceachtanna praiticiúla do dhaltaí.
Tá sé mar aidhm ag Dream Space TV:brAIn_waves do dhaltaí iar-bhunscoile scileanna AI agus smaointeoireacht chruthaitheach agus eiticiúil faoi a chothú.
AI ar Scoilnet
Tá tairseach Scoilnet tar éis sraith bailiúchán a chur le chéile le hacmhainní, roinnte ag múinteoirí na hÉireann, a chur ar taispeáint a léiríonn na bealaí ar féidir úsáid a bhaint as Intleacht Shaorga ghiniúnach sa seomra ranga iar-bhunscoile.
Chomh maith leis sin tá dhá chonair foghlama ag Scoilnet a chruthaigh múinteoirí bunscoile agus a dhíríonn ar threoir praiticiúil maidir le conas úsáid a bhaint as IS san oideachas. Cé gur cruthaíodh iad don mhúinteoir bunscoile, tá siad chomh hábhartha céanna don mhúinteoir iar-bhunscoile atá ag iarraidh tuiscint a fháil ar an gcoincheap den chéad uair.
Cumhacht Chat GPT sa Seomra Ranga Bunscoile a Nochtadh
Clár Experience AI
Seolta le déanaí ag Kinia, is clár oideachais atá saor in aisce do mhúinteorí agus daltaí é ‘Experience AI’, le tacaíocht ó Google Deep Mind agus Raspberry Pi Foundation.
Níos mó eolais ar fáil ar leathanach teagmháil Kinia. Roghnaigh Training and Professional Development.
Acmhainní IS do Scoileanna
Gníomhaíochtaí agus ceachteanna AI
Clár Litearthachta IS – clár nua Adapt Litearthacht IS sa Seomra Ranga do mhúinteoirí le tacaíocht ó Google
Adapt Technology in My Life lessons – ceachtanna Adapt do Bhunscoileanna
Adapt AI in My Life lessons – ceachtanna Adapt d’Iar-bhunscoileanna
AI Primary Handbook – treoirlínte agus gníomhaíochtaí do mhúinteoirí ó thionscadal OCBÁC, Insight agus na Seirbhíse um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM)
Coinnigh suas chun dáta le forbairtí IS in oideachas na hÉireann
Téigh ar ais chuig leathanach IS i Scoileanna.
