Teicneolaíocht Dhigiteach do Mheasúnú a dhéanamh ar Theanga Chainte ag Bunscoil na Tríonóide, Tuaim
Achoimre ar an bhFíseán
Pléann an fhoireann ag Bunscoil na Tríonóide i dTuaim conas a úsáideann siad an teicneolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar theanga chainte agus díríonn siad ar chruthaitheacht, cruthú ábhair, agus cumarsáid a fheabhsú i measc daltaí ina bplean foghlama digití.
Cur Síos
Spreagann siad daltaí fadhbanna a réiteach agus a bheith ina smaointeoirí criticiúla trí úsáid chruthaitheach a bhaint as uirlisí digiteacha. Déanann siad cur síos ar conas a d’úsáid siad an aip ‘Tarraing agus Inis’ (‘Draw and Tell’) chun teacht ar scileanna teanga cainte agus ar conas atá an aip thar a bheith áisiúil do dhaltaí a bhfuil an Béarla acu mar theanga bhreise. Chruthaigh daltaí scéalta trí phictiúir a tharraingt, greamáin a chur leo agus a nglór a thaifeadadh, agus roinn siad a gcuid oibre ina dhiaidh sin leis an rang agus ar Seesaw, a rinne muinín agus cumarsáid a chothú.
Bhí sé níos éasca a bhuíochas leis an gcur chuige seo chun daltaí a mheasúnú agus tháinig feabhas suntasach dá bharr ar a scileanna teanga cainte, agus ar a scileanna mínluaile leis an litearthacht dhigiteach. Pléann siad chomh maith conas a úsáideann siad sonóg ranga, Séamus, chun na daltaí a choimeád gafa agus chun teaghlaigh a thabhairt isteach sa phróiseas foghlama tríd an mbaint a bhíonn acu i ngníomhaíochtaí digiteacha scéalaíochta.
Cúrsaí a d’fhéadfadh bheith ina n-ábhair spéise duit
Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne le teacht ar chúrsaí bainteach leis an ábhar seo.
An Creat don Fhoghlaim Dhigiteach
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):
Teagasc & Foghlaim (1 Torthaí an Fhoghlaimeora)
1.1 Baineann na daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad spreagtha chun foghlama agus bíonn siad ag súil le gnóthú mar fhoghlaimeoirí
- Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha iomchuí chun rannpháirtíocht ghníomhach a chothú chun torthaí foghlama iomchuí a bhaint amach.
- Baineann daltaí leas as teicneolaíochtaí digiteacha chun fianaise a bhailiú agus taifead a dhéanamh den dul chun cinn a dhéanann siad.
1.2 Tá an t-eolas, na scileanna agus na dearcthaí atá riachtanach ag daltaí chun iad féin agus a gcaidrimh a thuiscint
- Tá dearcadh dearfach ag daltaí i leith úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha agus tá siad feasach ar rioscaí agus ar lochtanna a d’fhéadfadh a bheith ann.
- Tuigeann na daltaí na contúirtí agus na bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann i dtimpeallachtaí digiteacha.
Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)
2.1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
- Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun eolas a fháil, a mhalartú chun tuiscint a fhorbairt agus chun tacú le cruthú eolais bhunúsaigh.
Tabhair cuairt ar Phleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar réimsí eile CFD atá tacaithe san fhíseán seo, agus chun cuidiú leat pleanáil a dhéanamh don fhoghlaim dhigiteach i do rang.