IS san Ealaín – Coláiste Chanel
Achoimre ar an bhFíseán
Déantar iniúchadh san fhíseán seo ar an dóigh a n-úsáideann baill foirne agus scoláirí ealaíne ag Coláiste Chanel IS chun tacú leis an bpróiseas cruthaitheach san Ealaín.
Cur Síos
Sa fhíseán seo, léiríonn múinteoir ealaíne conas a úsáidtear uirlisí IS giniúnach—Ask the Artist agus Ask the Critic—chun tacú leis na scoláirí agus iad a spreagadh agus a gcuid scileanna á bhforbairt acu. Trína gcuid oibre a scanadh isteach sna haipeanna, faigheann na scoláirí leideanna, aiseolas agus tagairtí ealaíne a chuidíonn leo smaointe nua a iniúchadh, machnamh criticiúil a dhéanamh agus foghlaim ó réimse leathan ealaíontóirí. Faightear dearcthaí na scoláirí san fhíseán freisin, ag taispeáint conas is féidir le IS cruthaitheacht a fheabhsú, féinmheastóireacht a spreagadh, agus deiseanna deartha sa seomra ranga ealaíne a mhéadú.
Cúrsaí a d’fhéadfadh bheith ina n-ábhair spéise duit
- IS do Scoileanna: https://www.oidetechnologyineducation.ie/onlinecourses/ai-for-schools/
An Creat don Fhoghlaim Dhigiteach
2.3
Déanann na scoláirí machnamh ar an dul chun cinn atá déanta acu mar fhoghlaimeoirí agus cuireann sé sin ina luí orthu go bhfuil a gcuid foghlama faoina stiúir féin agus gurb iadsan atá freagrach aisti.