Teicneolaíocht Dhigiteach i gColáiste Ghobnait Inis Oírr
Forléargas Físeáin
Déanann foireann Choláiste Ghobnait, Inis Oírr, cur síos ar an gcaoi ina leabaíonn siad teicneolaíocht dhigiteach agus intleacht shaorga ina dteagasc agus foghlaim. Is iar-bhunscoil bheag í ina múintear ranganna trí mheán na Gaeilge.
Cur síos
Thosaigh an scoil ag athbhreithniú a cur chuige i leith na foghlama digití thart ar trí bliana ó shin nuair a rinne siad iarratas ar Tacaíocht Scoile Leanúnach Oide a chuir oiliúint agus comhairle ar fáil dóibh. Déanann siad cur síos ar an gcaoi a n-úsáideann siad OneNote le scoláirí na 5ú Bliana chun a gcuid fhoghlama a dhoiciméadú i bpunanna digiteacha. Pléann siad freisin an chaoi a n-úsáideann siad Microsoft Sway agus uirlisí IS amhail Magic AI agus Copilot chun cuidiú le hábhar a chruthú agus a aistriú go Gaeilge agus an teanga a dhéanamh níos éasca le tuiscint. Chomh maith leis sin, úsáideann siad gnéithe amhail Immersive Reader ionas gur féidir le scoláirí an chaoi a léann siad ábhair a athrú, rud a chabhraíonn le téacsanna casta Gaeilge agus le hinrochtaineacht. Déanann na scoláirí cur síos ar an gcaoi a n-úsáideann siad teicneolaíocht chun machnamh a dhéanamh ar thionscadail, grianghraif a chur leo, agus athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid oibre.
Cúrsaí a bhféadfadh suim a bheith agat iontu
Féach ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a bhaineann leis an ábhar seo a aimsiú.
Creat Foghlama Digití
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):
Teagasc & Foghlaim (1 Torthaí Foghlama)
1.1 Baineann scoláirí taitneamh as a gcuid foghlama, tá siad spreagtha chun foghlaim, agus tá siad ag iarraidh torthaí a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
Baineann scoláirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha chun rannpháirtíocht ghníomhach a chothú maidir le torthaí foghlama cuí a bhaint amach.
Úsáideann scoláirí teicneolaíochtaí digiteacha chun fianaise a bhailiú agus dul chun cinn a thaifeadadh.
Tabhair cuairt ar Phleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile den CFD a dtacaítear leo san fhíseán seo, agus chun cuidiú leat pleanáil a dhéanamh don fhoghlaim dhigiteach i do rang.