Clár Óige Webwise – Oscailte Anois!
21st October 2025
Is féidir iarratais a chur isteach anois don Chlár Oiliúna d’Ambasadóir do Lá le haghaidh Idirlíon Níos Sábháilte!
Is clár oiliúna idir phiaraí é seo atá oscailte do gach scoláire iarbhunscoile ar spéis leo feachtas Lá le haghaidh Idirlíon Níos Sábháilte a reáchtáil ina scoil, a gclub nó a bpobal féin.
Is deis iontach é seo freisin do scoláirí chun a scileanna ceannaireachta, oibre foirne agus cumarsáide a fhorbairt.