Meánscoileanna a chumasú sonraí a thuiscint agus déileáil leo go criticiúil in aois na hintleachta saorga (IS) giniúnaí.


Cad iad aidhmeanna an tionscadail?
Tionscadal IS san oideachas é seo atá cistithe ag an AE a bhfuil na cuspóirí thíos aige
- Litearthacht sonraí phobail na scoileanna (ceannairí scoile, múinteoirí agus daltaí) a fheabhsú, agus iad á gcumasú tuiscint chriticiúil a fháil ar an dóigh a gcruthaíonn agus a n-úsáideann IS Giniúnach agus daoine sonraí trí pheirspictíocht na luachanna daonlathacha
- Machnamh criticiúil agus measúnú a dhéanamh ar aschuir de réir sonraí chun iad a úsáid go cruthaitheach, go héifeachtach, agus go machnamhach i ngníomhaíochtaí oideachasúla
- Tacaíocht a thabhairt do scoileanna úsáid chriticiúil a bhaint as IS Giniúnach mar spreagadh chun cleachtais maidir le sonraí a fhorbairt atá eiticiúil, freagrach agus daonlathach
- Pobail Chleachtais (PCanna) a fhorbairt i ngach scoil chun cásanna an tseomra ranga a dhearadh agus a thástáil i gcomhpháirt le cheile agus chun machnamh a dhéanamh orthu, trína ndéanfar oiliúint, acmhainní, agus moltaí beartais a mhúnlú, trí aiseolas.
Cén gníomhaíochtaí atá i gceist?
- Diagnóis agus ullmhú: staidéar bonnlíne a dhéanamh chun cleachtais agus riachtanais reatha a thuiscint.
- Dearadh ábhair: Ábhair oiliúna praiticiúla a fhorbairt i gcomhar le haireachtaí.
- Triail a bhaint: Oiliúint a chur i bhfeidhm i scoileanna chun a héifeachtacht a thástáil.
- Meastóireacht: Tionchar na hoiliúna a mheasúnú ar mhaithe le feabhsú leanúnach.
- Scaipeadh agus méadú: Acmhainní agus moltaí a chomhroinnt chun teagmháil an tionscadail a leathnú.
Cén tairbhe a bhainfidh scoileanna in Éirinn uaidh?
Rachfar chun tairbhe do scoileanna in Éirinn ar roinnt bealaí follasacha:
- Cuirfear le litearthacht daltaí: cuirfear ar chumas daltaí sonraí a thuiscint, a cheistiú, agus a úsáid go freagrach i saol atá dírithe ar IS.
- Feabhsófar acmhainn mhúinteoirí: cuirfear oiliúint ar mhúinteoirí rannpháirteacha i litearthacht sonraí IS agus déanfaidh siad machnamh ar an dóigh ar féidir uirlisí IS Giniúnach a úsáid i ngníomhaíochtaí oideachasúla trí shamplaí ón bhfíorshaol, trí ábhair atá réidh le húsáid sa seomra ranga agus trí líonra tacúil múinteoirí eile ar fud na hEorpa.
- Tacaíocht um thástáil san fhíorshaol: Beidh tacaíocht dhíreach ar fáil do scoileanna in Éirinn chun cleachtais bunaithe ar shonraí IS a thriail ar bhonn píolótach agus a bheachtú ina seomraí ranga trí phobail chleachtais.
- Líonrú, comhoibriú & aitheantas: Éireoidh scoileanna ina gcuid de líonra Eorpach nuála, agus malartuithe, infheictheacht, agus comhoibriú trasteorann á n-éascú.
- Tionchar ar bheartais & inbhuanaitheacht: Trí fhianaise ó rannpháirtíocht na hÉireann is féidir an t-idirphlé náisiúnta ar bheartas a threorú maidir le litearthacht sonraí IS a leabú sna curaclaim agus i gcláir forbartha múinteoirí níos faide ná tréimhse an tionscadail.
Conas bheith páirteach
Má tá spéis ag do scoil páirt a ghlacadh sa tionscadal IS-LD, seo a leanas roinnt de na bealaí féideartha:
- Rannpháirtíocht phíolótach: léirigh gur spéis leat a bheith ar cheann de na scoileanna trialacha in Éirinn nuair a osclófar na babhtaí earcaíochta píolótaí.
Cuirtear eolas breise ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscadail
Téigh go suíomh gréasáin an tionscadail IS-LS chun teacht ar eolas breise.
Comhpháirtithe Tionscadail
An eagraíocht cheannais/chomhordaithe: French Education International

Is iad na heagraíochtaí comhpháirtíochta eile i measc 7 dtír:
- Oide, Teicneolaíocht san Oideachas, Éire
- Service de coordination de la Recherche et de l’Innovation pédagogique et technologique (SCRIPT), Lucsamburg
- Ministrstvo za vzgojo in izobraževanje (MVI), an tSlóivéin
- Instituto Nacional de Tecnologías Educativas y de Formación del Profesorado (INTEF), an Spáinn
- Nacionaline Švietimo Agentura (NSA), an Liotuáin
- Taighdeoirí:
- H2 Learning, Éire
- Univerza v Mariboru (UM), an tSlóivéin
- Istituto Nazionale di Documentazione, per l’Innovazione e la Ricerca educativa (INDIRE), an Iodáil
- Nantes Université (Nantes U), an Fhrainc
- Consiglio Nazionale delle Riserche (CNR-ITD), an Iodáil
- Comhpháirtithe Comhlachaithe
- Ministère de l’Education nationale, an Fhrainc
- Ministero dell’Istruzione e del Merito, an Iodáil



Chun teacht ar eolas breise ar IS i dtionscadail oideachais, téigh chuig ár Mol IS i Scoileanna.