Punanna Digiteacha ag Scoil Oideachais Speisialta Uíbh Fhailí
Achoimre ar an bhFíseán
San fhíseán seo, cuireann an fhoireann ag Scoil Oideachais Speisialta Uíbh Fhailí síos ar an dóigh a dtéann siad i ngleic le húsáid punann digiteach agus teicneolaíochta digití chun tacú le teagasc agus foghlaim sa scoil.
Cur Síos
Tar éis di páirt a ghlacadh i bhfoghlaim ghairmiúil ar Mheasúnú Foirmitheach do Phunanna Digiteacha (MFPD), thosaigh an fhoireann ar bhealaí a phlé chun é a chur i bhfeidhm maidir le comhthéacs a scoile féin agus rinne sí uirlisí digiteacha a chomhtháthú le pleanáil agus le teagasc. Bhain sí sin amach trí dhíriú ar chéimeanna beaga, soláimhsithe chun muinín a fhorbairt agus cleachtas a chomhroinnt le comhghleacaithe.
Pléann sí conas a rinne punanna digiteacha rianú dhul chun cinn na ndaltaí níos soiléire agus níos sruthlínithe agus an dóigh a raibh tionchar dearfach acu ar chumarsáid le tuismitheoirí.
Cúrsaí a d’fhéadfadh bheith ina n-ábhair spéise duit
Buntreoir do Phunanna Digiteacha (Bunscoileanna)
Buntreoir do Phunanna Digiteacha (Iar-bhunscoileanna)
An Creat don Fhoghlaim Dhigiteach
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):
Teagasc & Foghlaim (1 Torthaí an Fhoghlaimeora)
1.1 Baineann na daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad spreagtha chun foghlama agus bíonn siad ag súil le gnóthú mar fhoghlaimeoirí
Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)
2.1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
Tabhair cuairt ar Phleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar réimsí eile CFD atá tacaithe san fhíseán seo, agus chun cuidiú leat pleanáil a dhéanamh don fhoghlaim dhigiteach i do rang.