Ceacht SID Nua
8th January 2026
Tá ceachtanna nua do Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte ar fáil anois do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna chun an téama #SID2026 Feasacht ar IS a fhiosrú: Sábháilte, Cliste agus i gCeannas. Díríonn na ceachtanna seo ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, go háirithe IS, agus cabhraíonn siad le daltaí agus scoláirí tuiscint a fháil ar IS Giniúnach, a bhuntáistí, na rioscaí a bhaineann leis, agus conas é a úsáid ar bhealach sábháilte agus freagrach.
Is féidir le scoileanna téama na bliana seo nó topaicí sábháilteachta eile ar líne a fhiosrú trí chuir i láthair a bhfuil scripteanna leo atá deartha go sonrach chun tacú le daltaí agus scoláirí bunscoile agus iar-bhunscoile atá ag glacadh páirt i Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte.