Skip to main content

Foireann Foghlama Digití a Threorú ag Acadamh Paitríoch, Mala

Achoimre ar an bhFíseán

Pléann baill foirne agus scoláirí in Acadamh Paitríoch, Mala, an chaoi ar bhunaigh agus an chaoi a ritheann siad a bhfoireann foghlama digití do scoláirí agus cur chuige scoile uile á ghlacadh acu i leith na foghlama digití ag an scoil. Pléann siad ról ghuth an scoláire, na ceannaireachta agus an chomhoibrithe maidir le tacú le foghlaim dhigiteach ar fud phobal na scoile.

 

Cur Síos

Déanann siad cur síos ar an ról ríthábhachtach atá ag a bhfoireann foghlama digití do scoláirí i bplean foghlama digití na scoile trí cheannaireacht, muinín agus scileanna digiteacha praiticiúla a fhorbairt. Tacaíonn baill den fhoireann le scoláirí sóisearacha a gcuid scileanna digiteacha a fhorbairt agus cuireann siad piarthacaíocht ar fáil dóibh atá iontaofa agus sothuigthe. Bhí baint acu le tionscnaimh amhail Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte, agus eagraíonn siad gníomhaíochtaí idirghníomhacha amhail tóraíocht taisce do scoláirí na chéad bhliana chun feasacht a chur chun cinn maidir le húsáid shábháilte agus fhreagrach an idirlín. Tá baint acu freisin le foghlaim dhigiteach na foirne trí sheisiúin agus plé a reáchtáltar ag am lóin.

 

Cúrsaí a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhair spéise duit

An Fhoghlaim Dhigiteach a Threorú

Cad is Saoránacht Dhigiteach ann agus Conas í a Mhúineadh (Iar-bhunscoileanna)

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne le teacht ar chúrsaí eile bainteach leis an ábhar seo.

An Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (3. Cleachtas na Múinteoirí ar Bhonn Aonair)

  • 3.1 Tá an t-eolas riachtanach ar an ábhar, eolas oideolaíoch agus scileanna bainistíochta seomra ranga ag an múinteoir.

Teagasc & Foghlaim (4. Cleachtas Comhoibríoch na Múinteoirí)

  • 4.2 Oibríonn múinteoirí le chéile chun deiseanna foghlama a bheartú do scoláirí ar fud an churaclaim agus níos faide

Tabhair cuairt ar Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar réimsí eile CFD atá tacaithe san fhíseán seo, agus chun cuidiú leat pleanáil a dhéanamh don fhoghlaim dhigiteach i do rang.

, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Digital Citizenship, Internet Safety, Planning/Digital Learning Framework

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.