Cúrsaí Ar Líne ó European Schoolnet
4th June 2026
Cuireann ár gcomhpháirtithe in European Schoolnet, líonra neamhbhrabúis de bhreis is 30 Aireacht Oideachais, réimse cúrsaí ar líne saor in aisce ar fáil do mhúinteoirí, lena n-áirítear roinnt mhaith ar úsáid nuálach na teicneolaíochta digití san oideachas. Brabhsáil cúrsaí ar líne atá le teacht (MOOCanna) in Acadamh European Schoolnet agus in Acadamh na Múinteoirí, seimineáir ghréasáin ar líne, ceardlanna duine le duine i Saotharlann Seomra Ranga na Todhchaí agus acmhainní eile chomh maith.