Feabhas curtha ar Amharcóir Domhain Mhapaí Scoilnet
16th September 2026
D’eisigh Scoilnet Amharcóir nuashonraithe Mhapaí an Domhain ina bhfuil raon leathan sraitheanna nua agus feabhsuithe. Is é an t-amharcóir feabhsaithe an fhorbairt is déanaí atá ina toradh ar an gcomhpháirtíocht leanúnach le Esri Ireland.
I measc na ngnéithe suntasacha ar Amharcóir Mhapaí an Domhain tá:
Roghanna ghailearaí na mbonnmhapaí:
- Sráideanna Esri
- Topagrafaíocht Esri
- Radharc Anuas Esri
- Sráideanna Oscailte (a bhaineann go sainiúil le scrúduithe TS agus AT)
Sraitheanna iontaofa ionsuite ar féidir iad a chur le mapaí:
- Láithreáin Oidhreachta Domhanda
- Tíortha an Domhain
- Cathracha an Domhain (lena n-áirítear athruithe ar dhaonraí thar am)
- Ceantair Riaracháin an Domhain
- Tuilte Aibhneacha (Éire amháin ó Oifig na nOibreacha Poiblí)
- Tuilte Cósta (Éire amháin ó Oifig na nOibreacha Poiblí)
- Hairicíní, Cioclóin & Tíofúin atá Gníomhach
- Creathanna Talún le Déanaí
- Éiciréigiúin & Bithóim Dhomhanda
Giuirléidí le cur ar chumas an úsáideora dul i ngleic leis na mapaí:
- Tomhas
- Comhordanáidí
- Svaidhpeáil & cur i gcomparáid idir mapaí
- Próifílí Airde
- Cuir Sonraí leis – ligtear don úsáideoir roghnú ó raon ollmhór de mhapaí eile agus iad a chur leis an mapa ar a bhfuil sé/sí ag amharc, e.g. Loingeas an domhain. Ach tabhair faoi deara nach féidir brath ar roinnt acu siúd.
Faigh rochtain ar Amharcóir Mhapaí an Domhain ar Mhapaí Scoilnet.