Skip to main content

Feabhas curtha ar Amharcóir Domhain Mhapaí Scoilnet

16th September 2026

D’eisigh Scoilnet Amharcóir nuashonraithe Mhapaí an Domhain ina bhfuil raon leathan sraitheanna nua agus feabhsuithe. Is é an t-amharcóir feabhsaithe an fhorbairt is déanaí atá ina toradh ar an gcomhpháirtíocht leanúnach le Esri Ireland.

I measc na ngnéithe suntasacha ar Amharcóir Mhapaí an Domhain tá:

Roghanna ghailearaí na mbonnmhapaí:

  •     Sráideanna Esri
  •     Topagrafaíocht Esri
  •     Radharc Anuas Esri
  •     Sráideanna Oscailte (a bhaineann go sainiúil le scrúduithe TS agus AT)

Sraitheanna iontaofa ionsuite ar féidir iad a chur le mapaí:

  •     Láithreáin Oidhreachta Domhanda
  •     Tíortha an Domhain
  •     Cathracha an Domhain (lena n-áirítear athruithe ar dhaonraí thar am)
  •     Ceantair Riaracháin an Domhain
  •     Tuilte Aibhneacha (Éire amháin ó Oifig na nOibreacha Poiblí)
  •     Tuilte Cósta (Éire amháin ó Oifig na nOibreacha Poiblí)
  •     Hairicíní, Cioclóin & Tíofúin atá Gníomhach
  •     Creathanna Talún le Déanaí
  •     Éiciréigiúin & Bithóim Dhomhanda

Giuirléidí le cur ar chumas an úsáideora dul i ngleic leis na mapaí:

  •     Tomhas
  •     Comhordanáidí
  •     Svaidhpeáil & cur i gcomparáid idir mapaí
  •     Próifílí Airde
  •     Cuir Sonraí leis – ligtear don úsáideoir roghnú ó raon ollmhór de mhapaí eile agus iad a chur leis an mapa ar a bhfuil sé/sí ag amharc, e.g. Loingeas an domhain. Ach tabhair faoi deara nach féidir brath ar roinnt acu siúd.

Faigh rochtain ar Amharcóir Mhapaí an Domhain ar Mhapaí Scoilnet.

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.