Skip to main content

Foghlaim thraschuraclaim le Léarscáileanna Scoilnet agus uirlisí eile

Achoimre ar an bhFíseán

Déanann múinteoir ranga cur síos ar an gcaoi a ghlacann sé teicneolaíocht isteach i gceacht OSIE. Trí theagaisc stáisiún, déanann daltaí iniúchadh ar ábhar na léarscáileanna ag baint úsáide as an CBI, ríomhairí glúine agus an suíomh gréasáin Scoilnet Maps: https://maps.scoilnet.ie/

Cur Síos

Baineann daltaí úsáid as léarscáileanna Scoilnet chun foghlaim faoina gceantar áitiúil. Baineann daltaí úsáid as cláir bhána idirghníomhacha chun rochtain a fháil ar Léarscáileanna Scoilnet agus chun faid a thomhas chuig áiteanna éagsúla. Úsáidtear ríomhairí glúine chun bealaí difriúla a tharraingt ó na léarscáileanna. Míníonn an múinteoir na gnéithe difrúla de léarscáileanna Scoilnet agus an chaoi a nascann sé le gnéithe éagsúla den churaclam.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu

Féach ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a bhaineann leis an ábhar seo a aimsiú.

Físeáin teagaisc

Taispeánfaidh na físeáin ghearra teagaisc seo a leanas duit conas aipeanna a úsáid atá le feiceáil san fhíseán:

 

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (1. Torthaí Foghlama)

  • 3 Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha ar bhealaí an-éifeachtach chun a gcuid eolas, scileanna agus tuiscint a fhorbairt i gcomhréir le cuspóirí ábhair, torthaí foghlama, scileanna agus coincheapa Churaclam na Bunscoile.
  • 4 Baineann daltaí na cuspóirí foghlama atá luaite amach don téarma agus don bhliain

 

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)

  • 1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
    Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun faisnéis a aimsiú agus a mhalartú

Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Acmhainní ar líne, Comhoibriú, Cruthú ábhar digiteach, Scoilnet

Téigh ar ais

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.