Skip to main content

An Tionscadal WEAVE

21st December 2022

Is comhthionscnamh é an tionscadal WEAVE idir OCBÁC, SETU, Ollscoil Stáit Arizona agus Fondúireacht Eolaíochta Éireann a bhfuil sé mar aidhm aige plé le smaointeoireacht ríomhaireachtúil a chur chun cinn i measc cailíní i scoileanna DEIS chomh maith le Creat um Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil a chomhfhorbairt atá inbhuanaithe, inscálaithe, agus freagrúil i dtaca le stíl de.

Is í Jennifer McGarry comhordaitheoir an tionscadail agus í ina mac léinn i mbun máistreachta ag Institiúid Oideachais OCBÁC. 

Agus freagrúlacht chultúrtha mar chomhthéacs dóibh agus iad i mbun iniúchta, cuirtear mar dhúshlán roimh dhaltaí i scoileanna teacht ar réiteach maidir le fadhb áitiúil atá siad tar éis a shainaithint. Bainfidh na daltaí leas as Lego WeDo 2.0 agus Fearais Bhunriachtanacha Lego Spike chun réiteach ar a bhfadhb a thógáil agus úsáidfidh siad códú i mbloic ansin chun a dtionscadail a fhíorú. Glacfaidh na daltaí páirt sa chéad chlár de shraithchomórtas Lego: dúshlán ETIM [Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic] domhanda d’fhoirne daoine óga a dhíríonn ar théama a bhaineann leis an saol mar atá agus é ag iarraidh comhoibriú a fhorbairt idir rannpháirtithe chomh maith le scileanna dearaidh agus ríomhchláraithe – fad is a fhéachtar chuige go mbeidh spraoi ag gach duine a thugann faoin dúshlán.

Is iad seo na scoileanna a bheidh páirteach ann: Scoil Náisiúnta Cailíní na hEasca, SS San Caitríona, Scoil Mhuire Chabhair na gCríostaithe, Scoil Mhuire gan Smál agus Scoil Mhuire na mBuanna. Oibreoidh Róisín Lineen, Eoin Stakelum agus Siobhán McAndew i gcomhar leis na scoileanna seo chun tacú le múinteoirí agus iad i mbun fianaise a bhailiú faoi agus taifead a dhéanamh ar an bhfoghlaim atá ar siúl i ngach scoil. Táthar ag súil gurb é an buaicphointe a bheidh ag an tionscadal WEAVE ná lá seothaispeántais in OCBÁC i mí an Mheithimh 2023.

Is féidir an tionscadal a leanúint ar twitter ag @weaveproject

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.