Skip to main content

Aoi-alt: IS Mínithe – Céard is IS ann?

3rd April 2023

Aoi-alt ón Dr. Robert Ross

Is léachtóir sinsearach é an Dr. Robert Ross i Scoil na Ríomheolaíochta in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus is imscrúdaitheoir é i Lárionad Taighde Adapt atá maoinithe ag FEÉ.  Díríonn taighde Robert ar chomhéadain chomhráiteacha lonnaithe agus an teorann idir teanga agus fís.

Rinneadh cur síos ar IS, nó Intleacht Shaorga, mar chumas ag córas tasc a dhéanamh a dteastódh intleacht uaidh dá ndéanfadh duine é. Cé go bhfuil tairbhe ag baint leis seo mar thús, is tairbhiúla a bhíonn sé go minic cur síos a dhéanamh ar IS de réir an tionchair a imríonn sé ar an saol laethúil.

Tá IS mar fhíor-chuid den ghnáthshaol againn le 30 bliain anuas, creid é nó ná creid. Cuireann an fhíric seo ionadh ar roinnt mhaith daoine, ach tháinig meaisíní níocháin agus fearas eile baile amach sa tSeapáin sna 1980dí, agus tháinig an phléasc eolais ar theastaigh IS uaidh chun an t-eolas ar fad a láimhseáil, tháinig sé sin ó thabhairt isteach an idirlín ó lár na 1990dí ar aghaidh.

Mar thoradh air seo, is iad an cuardach idirlín agus moladh táirgí na samplaí is mó d’IS inár saol laethúil is dócha. Gan dabht, tá eispéiris cuardaithe idirlín Google agus Bing, atá uileláithreach inniu, mar thoradh ar thaighde cuardaithe IS na 1990dí. Nuair a thagann na moltaí a sholáthraíonn Netflix, YouTube, Amazon agus fiú d’fhotha ar na meáin shóisialta ó Chórais Mholta Taighde IS a bhí lárnach ag tús na 2000dí.

Tá feidhmeanna laethúla eile d’IS eolas-dírithe san aitheantóir cainte a bhaineann le d’fhón póca, nó na moltaí gramadaí a chuireann Microsoft Word ar fáil. Bhí na huirlisí seo ar fad go ceannródaíoch ina réimsí taighde IS uair amháin, ach rinneadh normalú orthu nuair a glacadh leo go forleathan sa tsochaí.

Tá dul chun cinn feicthe, áfach, le 3 bliana anuas in IS féin-tiomnaithe agus IS giniúnach agus tugann sé sin ceisteanna dúinn faoin méid atá i gceist le hIS, an tionchar a bheidh aige ar an tsochaí, ar an oideachas agus ar thodhchaí shaol na hoibre.

Cé go bhfuil go leor airde tugtha do charranna féin-tiomnaithe, is é an t-iomadú agus an tsofaisticiúlacht a bhaineann le hIS giniúnach atá ábhartha do na hoidí. Cumann na huirlisí giniúnacha IS seo ábhar nua idir ghraificí ardghléine agus aistí sonracha gan acu agus cúpla focal de leid.

Tá na hISanna giniúnacha a chruthaíonn aschur téacs agus ar féidir leat comhrá réasúnta meabhrach a bheith agat leo, tá siad bunaithe ar Mhúnlaí Móra Teangacha (MMT). I mbealach simplí, is uirlis IS iad na MMTanna seo atá oilte le na múrtha téacs chun freagraí ar iarratais agus cheisteanna a thuar focal ar fhocal. Is iad ChatGPT agus a shiblín Microsoft Bing AI na samplaí is mó de seo.

Dúradh mórán sna meáin le déanaí faoi ISanna comhráiteacha atá MMT-bunaithe. Is féidir tuairimí a rangú ar an mórgóir i dtrí ghrúpa. Sa gcéad ghrúpa, tá an moladh, an t-iontas coibhneasta, agus an glacadh le gach teicneolaíocht ar mhaithe leis na féidearthachtaí ar fad. Sa dara grúpa, tá an tráchtaireacht ar na hearráidí, inearráideacht,agus srianta na teicneolaíochta. Agus sa tríú grúpa, tá na glórtha is airde a cheistíonn go hiondúil an tionchar a imríonn teicneolaíocht MMT ar an oideachas agus ar thodhchaí shaol na hoibre.

Níl aon draíocht ná aon mhothaitheacht i gceist le ISanna cainte atá MMT-bunaithe, agus ní chuireann sé ionadh orthu siúd a oibríonn san earnáil. Tá siad seo ar na bacáin le fada an lá, ach tá an cruinneas agus solúbthacht coibhneasta a bhaineann le ChatGPT agus múnlaí den chineál sin tar éis IS comhráiteach MMT a chaitheamh isteach sa ngnáthshaol níos tapúla ná mar a bhíothas ag súil leis. Agus sa tslí sin, is teicneolaíocht trioblóideach í an teicneolaíocht seo amach is amach sa tslí is nach féidir linn na bealaí a rachaidh an teicneolaíocht i bhfeidhm ar an saol a fheiceáil go fóill.

É sin ráite, is féidir linn roinnt ráiteas a dhéanamh san oideachas. Ar an gcéad dul síos, beidh gá le himscrúdú ó oidí ar straitéis measúnaithe uirlisí de chineál ChatGPT le cinntiú nach mbainfidh na mic léinn atá ag iarraidh an bealach is éasca a aimsiú droch-úsáid as na huirlisí. Is féidir leas a bhaint as an bplé le foghlaimeoirí agus an bhéim ar an bpróiseas cruthaithe agus foghlama anseo, ach ba cheart dúinn freisin a bheith aireach go bhféadfaí siabhrán a bheith ar MMTanna nó a bheith mícheart agus iad ag caint.

Ar an dara dul síos, is cosúil gurb iad ISanna cainte atá bunaithe ar MMT an rud is dearfaí go fóill i ndaonlathú an oideachais, rud atáthar ag tuar ó theacht an idirlín. D’fhéadfadh oidí IS a mbeadh caint acu cur le saol an tseomra ranga i mbealaí nach raibh ar fáil cheana ach amháin do theaghlaigh mhóra nó dóibh siúd le hairgead.

Ar an tríú dul síos, tá MMTanna ag tabhairt ceisteanna do dhaoine faoina bhfuil i gceist le hoideachas a chur ar dhaoine in áit a bhfuil na bunfhreagraí ar an oiread sin ceisteanna ar fáil ó fhoinse shintéiseach. Ar cheart dúinn a bhfuil á mhúnadh againn a athrú? Ar cheart dúinn ár modh múinteoireachta a athrú? Don oideachas ag an dara agus an tríú leibhéal, is freagra dearfach atá ar na ceisteanna seo is cosúil, ach ní léir go fóill a bheag nó a mhór é sin agus na gnéithe eile a bhaineann leis.

Athróidh IS comhráiteach MMT, agus cineálacha eile ISanna giniúnacha saol na hoibre, ach arís, ní thuigeann muid fós an chaoi a ndéanfaidh sé é, go baileach. Trí theicneolaíocht IS a thabhairt isteach san oideachas, áfach, agus trí dhícheall cuí a dhéanamh maidir lena mí-úsáid, is féidir linn mic léinn a réiteach don todhchaí.

Le scéal fada a dhéanamh gearr, níl IS ag teacht, tá sé anseo cheana féin agus is cuid luachmhar dár saol é. Glacaimis leis san oideachas ach a bheith aireach faoina chuid srianta.

Ceardlanna ADAPT

Is é is aidhm le clár nua ceardlann ADAPT, IS i Mo Shaol, mic léinn a chumasú ina saoránaigh eolaíoch a bhfuil sé de chumas acu tuiscint, measúnú agus glór a bheith acu i dtabhairt isteach nuálaíochtaí STEM (cosúil le hIS) inár saol. Tá eolas ar fáil faoin gclár Idirbhliana ag https://www.adaptcentre.ie/projects/ai-in-my-life/

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.