Skip to main content

Cúrsa Nua ar Líne (Bunscoil): Sábháilteacht Ar Líne agus an tSaoránacht Dhigiteach 

Cúrsa Nua ar Líne (Bunscoil): Sábháilteacht Ar Líne agus an tSaoránacht Dhigiteach 

18th October 2024

Beidh suim ag gach múinteoir bunscoile agus ag gach foireann ceannaireachta scoile inár gcúrsa nua ar líne maidir le sábháilteacht ar líne agus saoránacht dhigiteach do mhúinteoirí bunscoile. 

Faoi dheireadh an chúrsa, beidh tú in ann cur síos a dhéanamh ar shaoránacht dhigiteach agus ar shábháilteacht ar líne i gcomhthéacs an tseomra ranga bunscoile agus a thuiscint conas é a leabú i do theagasc. Beidh tú in ann acmhainní ábhartha sa seomra ranga a aithint freisin chun iad a úsáid agus a chur in oiriúint chun tacú leis na hábhair thábhachtacha seo. 

Tógann an cúrsa trí uair an chloig staidéir. Bíonn sé ar fáil ó cheann ceann na scoilbhliana, 24/7, lena n-áirítear le linn laethanta saoire scoile. Mar gheall air sin, is féidir leat é a chríochú ar do luas féin agus de réir d’amlíne féin.  

Maidir le hábhar an chúrsa nua seo ar líne 

Ag leanúint ar aghaidh ó chúrsa samhraidh ar líne níos luaithe a thug an tsaoránacht dhigiteach isteach, tá an t-ábhar giorraithe agus nuashonraithe againn chun forbairtí nua a léiriú. Ina measc seo tá na nósanna imeachta ‘Bí Cineálta’ a seoladh le déanaí. 

Gheobhaidh múinteoirí an t-eolas, na hacmhainní agus an mhuinín chun an tsaoránacht dhigiteach a mhúineadh agus chun scoláirí a chumasú le bheith sábháilte, eiticiúil agus freagrach ar líne. Fiosróidh tú a bhfuil i gceist le bheith i do shaoránach digiteach maith agus conas is féidir leat príomhthéamaí ar an ábhar seo a chomhtháthú i do theagasc. Is iad na trí phríomhthéama ná A Bheith Ar Líne, Folláine Ar Líne agus Cearta Ar Líne. Clúdaíonn na téamaí seo réimse ábhar amhail litearthacht sna meáin, príobháideacht agus comhbhá.   

Chomhoibrigh Teicneolaíocht san Oideachas Oide lenár gcomhghleacaithe Webwise chun an cúrsa a chruthú. Dá réir sin, soláthraíonn sé rochtain ar neart acmhainní sábháilteachta ar líne ó Webwise. 

Cruthaíonn Teicneolaíocht san Oideachas Oide gach ábhar cúrsa ar líne de réir na gcaighdeán gairmiúil is airde, i gcomhairle le saineolaithe ábhair. Cuimsíonn sé idirghníomhaíocht chun rannpháirtíocht a mhéadú, físeáin dea-chleachtais a dhéantar a scannánú i scoileanna in Éirinn agus agallaimh le saineolaithe. 

Uaireanta Pháirc an Chrócaigh  

Má chumasaíonn do bhainistíocht scoile staidéar neamhspleách mar chuid d’uaireanta Pháirc an Chrócaigh, is féidir leat a iarraidh go gcuirfear an cúrsa nua ar líne seo san áireamh i bpleananna na scoile. Cuirfidh sé seo ar do chumas dul i ngleic leis mar chuid de d’uaireanta Pháirc an Chrócaigh a chomhlíonadh. Tá teastas ar fáil nuair a chríochnaíonn tú an cúrsa de réir riachtanais an chúrsa, má theastaíonn fíorú uait. 

Spéis agat ann?  

Léigh cur síos iomlán an chúrsa agus ansin cláraigh tú féin anseo

Beidh cuntas Scoilnet uait le féinchlárú. Mura bhfuil ceann agat cheana féin, is féidir leat clárú anseo le haghaidh chuntas Scoilnet

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.