Skip to main content

Cúrsaí samhraidh ar líne — neamhchlárú

2nd June 2023

7ú Meitheamh 2023

Tá clárú na gcúrsaí samhraidh ar líne dúnta don dá chúrsa atá againn ar líne. Táimid ag súil le fáilte a chur roimh nach mór 3,000 múinteoirí bunscoile chun páirt a ghlacadh inár gcúrsaí ón 3ú-20ú Iúil, 2023. Mura bhfuil d’áit ar chúrsaí samhraidh ar líne ag teastáil uait níos mó, tá sé tábhachtach go gcuirfeá d‘iarratas cláraithe ar ceal.

Nach bhfuil áit ag teastáil?

Má tá tú cláraithe ach níl d’áit ag teastáil uait níos mó, cuir iarratas isteach láithreach chun do chlárú a chur ar ceal le do thoil.

Tá sé seo tábhachtach mar gearraimid costas ar gach áit a chuirimid ar fáil don chomhlacht, bíodh is nach gá do rannpháirtithe táille a íoc. Bíonn tionchar acu siúd a chláraíonn ach nach ndéanann an cúrsa ar eispéireas an chúrsa/an ghrúpa. Baineann siad áit ar an gcúrsa ó mhúinteoir eile freisin.

Mura féidir leat d’áit ar an gcúrsa a chur ar ceal, féadtar leat iarratas a chur isteach maidir le neamhchlárú go dtí ictonlinecourses@pdst.ie. Cuir ‘Neamhchlárú’ i líne an ábhair an luaigh teideal an chúrsa a bhfuil tú ag iarraidh tarraingt amach as.

Chun do chlárú a athsheiceáil:

Chun athsheiceáil a dhéanamh ar an gcúrsa a bhfuil tú cláraithe dólogáil isteach chuig deais na gcúrsaí ar líne agat agus féach an leathanach ‘Mo Chúrsaí’.

Beidh na cúrsaí a bhfuil tú cláraithe dóibh le feiceáil air go dtí an 11ú Meitheamh (breisithe ón gcéad dáta den 31ú Bealtaine.)

I ndiaidh an dáta seo, bítear ag súil go ndúnfar agus go mbainfear cúrsaí ón leathanach ‘Mo Chúrsaí’ fad atá siad á n-ullmhú don samhradh.  

Cur síos ar an gcúrsa:

Féadtar leat athsheiceáil a dhéanamh ar chur síos an chúrsa don dá chúrsa samhraidh anseo:

Tionscadail Ilmheán maidir leis an Aeráid agus Inbhuanaitheacht, 3-20 Iúil

Buntreoir maidir le hOideachas ar an tSaoránacht Dhigiteach (Bunscoil), 3-20 Iúil.

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.