Cúrsaí saor in aisce le linn an téarma do chách
15th September 2023
![Cúrsaí saor in aisce le linn an téarma do chách](https://www.oidetechnologyineducation.ie/app/uploads/2023/09/cpdSept23y400x300-990000079e01453c-1.png)
Bíonn gearrchúrsaí ar líne ar fáil maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú ar feadh na scoilbhliana, lena n-áirítear tréimhsí saoire. Clúdaíonn na cúrsaí seo an chuid is mó de na réimsí tábhachtacha a gcaithfidh aon mhúinteoir a bheith ar an eolas fúthu chun úsáid éifeachtach a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha. Tá na cúrsaí ar fad saor in aisce agus tagann deimhniú críochnaithe leo.