Skip to main content

DALI4US: Litearthacht Sonraí do Bhunscoileanna Uachtaracha

Is comhoibriú é DALI4US atá maoinithe ag Erasmus+ idir páirtithe in Éirinn, sa tSlóivéin agus i Lucsamburg. Tá foireann Oide Teicneolaíochtaí Digiteacha i gceannas ar an gclár foghlama gairmiúla in Éirinn.

Tá an tionscadal ceaptha na scileanna agus an mhuinín a thabhairt do mhúinteoirí bunscoile litearthacht sonraí a thabhairt isteach ina seomraí ranga. Ullmhaímid scoláirí, trí amhlaidh a dhéanamh, do dhomhan digiteach ina bhfuil sonraí a thuiscint agus a úsáid ina phríomhscil saoil.

Cad a dhéanfaidh an tionscadal?

– Tacú le múinteoirí chun muinín, eolas, agus scileanna praiticiúla a fhorbairt maidir le litearthacht sonraí
– Cuir chuige bunaithe ar fhiosrú a fhorbairt a chabhraíonn le leanaí ciall a bhaint as sonraí
– Acmhainní múinteoireachta inoiriúnaithe a chur ar fáil atá oiriúnach ar fud churaclam na bunscoile
– Deiseanna a chruthú do mhúinteoirí ar fud na hEorpa taithí agus smaointe a roinnt

Cad atá ag tarlú sa tionscadal?

Déanfaidh comhpháirtithe an méid a leanas i rith an tionscadail:

– An cur chuige a shainmhíniú – an méid atá i gceist le litearthacht sonraí ar leibhéal bunscoile a shoiléiriú
– Foghlaim ghairmiúil a dhearadh – modúil oiliúna atá solúbtha agus a thacaíonn le múinteoirí
– Acmhainní a chruthú – ábhair phraiticiúla ar féidir iad a úsáid láithreach bonn i seomraí ranga
– Oiliúint a chur ar tairiscint – trí imeachtaí foghlama gairmiúla ar líne agus i bpearsan
– Scoileanna a cheangal – léargas agus samplaí a roinnt i measc tíortha comhpháirtithe

Tairbhí do scoileanna Éireannacha

Déanfaidh scoileanna a ghlacann páirt in DALI4US:

– Teacht a fháil ar oiliúint agus acmhainní litearthachta sonraí atá réidh don seomra ranga
– Samplaí Eorpacha de litearthacht sonraí i ngníomh a fhiosrú
– Foghlaim dhigiteach a neartú ar fud an churaclaim
– Cabhrú le cuir chuige a mhúnlú a ullmhaíonn daltaí go ndéanfar saoránaigh thuisceanacha eolacha díobh i sochaí atá faoi stiúir sonraí

Amlíne

Dáta tosaithe: Márta 2024
Dáta críochnaithe: Eanáir 2027

Páirt a ghlacadh

Tabharfar cuireadh do scoileanna Éireannacha páirt a ghlacadh i bhfoghlaim ghairmiúil, triail phíolótach a bhaint as acmhainní, agus a dtaithí a roinnt le comhghleacaithe ar fud na hEorpa.

An spéis leat páirt a ghlacadh? Is féidir leat do spéis a léiriú anseo.

Eolas breise

Tá DALI4US (Litearthacht Sonraí do Bhunscoileanna Uachtaracha) maoinithe ag Erasmus+ agus tugtarle chéile ann na comhpháirtithe oideachais seo a leanas in Éirinn, sa tSlóivéin agus i Lucsamburg:

SCRIPT, Ollscoil Liúibleána, An Aireacht Oideachais, an tSlóivéin, Revelo, Oide, H2 Learning

Tá eolas breise ar fáil ar shuíomh gréasáin DALI4US: https://www.dali4us.eu/

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.