Skip to main content

Glac Páirt sa Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte!

13th January 2026

Deis iontach é an Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte (SID), a bheidh ar siúl an 10 Feabhra, chun úsáid shábháilte, fhreagrach agus dhearfach na teicneolaíochta digití agus an idirlín a chur chun cinn. Glacann na mílte scoláire páirt gach bliain. Is iomaí bealach is féidir le do rang nó scoil páirt a ghlacadh i gceiliúradh #SID2026! 

Téama na Bliana Seo – Feasach ar IS: Sábháilte, Cliste, agus i gCeannas (Nasc: https://www.webwise.ie/aiaware/ )

Fiosraítear i dtéama na bliana seo conas atá eispéiris ar líne leanaí á múnlú ag teicneolaíochtaí IS. Tugtar chun solais ann tairbhí agus rioscaí féideartha IS, agus cuirtear ar chumas leanaí agus daoine óga san am céanna leas a bhaint as IS go sábháilte, go freagrach agus le muinín.

Conas Páirt a Ghlacadh

• Faigh Rostbhandaí Saor in Aisce #SID2026

Déan Ceiliúradh ar an Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte le Paca SID saor in aisce do do scoil, rostbhandaí ina measc do rannpháirtithe. Ní gá ach do ghníomhaíocht SID a chlárú ar Léarscáil Imeachtaí an Lae le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte. (Nasc: https://www.webwise.ie/submit-sid-event/ )

• Úsáid Ceachtanna an Lae le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte

Ceachtanna Nua an Lae le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte (Nasc: https://www.webwise.ie/aiaware/) ar fáil do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, a thacaíonn le fiosrú a dhéanamh ar théama #SID2026 – Feasach ar IS: Sábháilte, Cliste agus i gCeannas.

Dírítear sna ceachtanna seo ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, go háirithe IS, a chabhraíonn le scoláirí na nithe a leanas a thuiscint:

  • Cad is IS Giniúnach ann?
  • Na buntáistí agus na rioscaí féideartha a bhaineann leis
  • Conas IS a úsáid go sábháilte agus go freagrach

Is féidir le scoileanna ábhair eile shábháilteachta ar líne a fhiosrú trí chuir i láthair a bhfuil scripteanna leo (Nasc: https://www.webwise.ie/saferinternetday/sid-presentations/) a dearadh go sonrach chun tacú le scoláirí atá ag glacadh páirte sa Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte.

• Comhairle agus Acmhainní do Thuismitheoirí a Thabhairt chun Solais

Tuismitheoirí agus cúramóirí a spreagadh cuairt a thabhairt ar Mhol Webwise do Thuismitheoirí (Nasc: https://www.webwise.ie/parents/) chun teacht ar chomhairle agus eolas iontaofa.
Foilseofar ar Webwise freisin Treoir do Thuismitheoirí maidir le IS Giniúnach i bhFeabhra, a thacóidh le teaghlaigh IS a nascleaúint go sábháilte agus go muiníneach.

• Tabhair cuairt ar Mhol an Lae le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte

Fiosraigh Mol an Lae le haghaidh Idirlíon Níos Sábháilte (Nasc: https://www.webwise.ie/saferinternetday/) chun teacht ar eolas breise, acmhainní, smaointe, agus gníomhaíochtaí chun tacú le do cheiliúradh #SID2026 an 10 Feabhra.

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.